Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 28:10-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

10. Mhionnaigh Sól di dar an Tiarna: “Dar an Tiarna beo,” ar sé, “ní chuirfear aon mhilleán ort de bharr an ghnó seo.”

11. Ansin dúirt an bhean: “Cé thabharfaidh mé aníos chugat?” “Tabhair Samúéil aníos chugam,” ar sé.

12. Ansin chonaic an bhean Samúéil agus scread sí in ard a cinn, agus dúirt le Sól: “Cén fáth gur chuir tú dallamullóg orm? Is tú Sól!”

13. Dúirt an rí léi: “Na bíodh eagla ort! Cad a fheiceann tú?” “Feicim spiorad ag éirí aníos as an talamh,” ar sí le Sól.

14. “Cén dealramh atá air?” ar sé léi. “Seanfhear atá ag teacht aníos agus brat timpeall air.” Ansin bhí a fhios ag Sól gurbh é Samúéil a bhí ag teacht agus chrom sé chun na talún agus d'umhlaigh dó.

15. Ansin dúirt Samúéil le Sól: “Cad ab áil leat do mo bhuaireamh do mo tharraingt aníos?” “Tá suaitheadh mór orm,” arsa Sól, “mar tá na Filistínigh i gcogadh liom, agus thréig Dia mé, gan freagra á thabhairt aige orm ó bhéal fáithe ná le cabhair aislingí. Ghlaoigh mé ortsa dá bhrí sin chun a rá liom céard ba cheart dom a dhéanamh.”

16. D'fhreagair Samúéil á rá: “Cén fáth ceist a chur ormsa nuair a thréig an Tiarna thú agus go bhfuil sé ar thaobh [do chomharsan]?

17. Tá déanta ag an Tiarna leat faoi mar gheall sé ó mo bhéalsa a dhéanfadh. Sciob sé an flaitheas as do ghlac agus thug é do do chomharsa, Dáiví,

18. de bhrí nár ghéill tú do ghuth an Tiarna agus nár chuir tú fíoch a fheirge in aghaidh Amáiléic i gcrích. Uime sin a thugann an Tiarna an cor seo ort anois.

19. Mar bharr air sin déanfaidh an Tiarna Iosrael agus thusa féin a thabhairt i láimh na bhFilistíneach; agus amárach beidh tusa féin agus do chlann mhac in éineacht liom, sea agus slua Iosrael chomh maith, mar tabharfaidh an Tiarna i láimh na bhFilistíneach iad.”

20. Tháinig tocht ar Shól agus thit sé chun láir agus lántalún. Chuir a ndúirt Samúéil scéin air, agus bhí a neart tréigthe mar nár ith sé greim ar feadh an lae agus na hoíche sin go léir.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 28