Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 27:5-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Dúirt Dáiví le hÁicís: “Má fuair mé fabhar i do láthair, tabhair áit lonnaithe dom i gceann de bhailte na tíre. Cén fáth a mairfeadh do shearbhónta sa chathair ríoga i do theannta?”

6. An lá sin thug Áicís Zicleag dó agus dá bharrsan is le rí Iúdá Zicleag go dtí an lá inniu.

7. Is é an fad a d'fhan Dáiví i gcríocha na bhFilistíneach, bliain agus ceithre mhí.

8. Théadh Dáiví agus a chuid fear amach ag tabhairt fogha faoi na Gisiúraigh agus na Girzigh agus na hAmáiléicigh, mar sin iad na treabhchais a áitríonn an dúiche a shineann ó [Thealam] i dtreo Shiúr chomh fada leis an Éigipt.

9. Rinne Dáiví an dúiche a chreachadh agus níor fhág fear ná bean ina mbeatha, ach thug na caoirigh agus an t‑eallach, na hasail, na camaill, agus na héidí mar chreach, agus thug leis ar ais go hÁicís iad.

10. D'fhiafraíodh Áicís: “Cia ar a ndearna tú an fhoghail inniu?” D'fhreagraíodh Dáiví: “In aghaidh Neigib na gCéineach.”

11. Níor thug Dáiví fear ná bean riamh beo ar ais leis le scéala a thabhairt go Gat, “Le heagla,” a dúirt sé leis féin, “go sceithfidís orainn á rá: ‘Rinne Dáiví a leithéid seo.’ ” Mar sin a bhí ag Dáiví i rith an ama go léir a bhí sé i ndúiche na bhFilistíneach.

12. Bhí muinín ag Áicís as Dáiví; “Tá fuath agus gráin a mhuintire féin, Iosrael, tuillte aige dó féin,” a mheas sé, “agus beidh sé ina shearbhónta agam go brách.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 27