Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 27:1-5 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Rith sé le Dáiví: “Marófar mé lá breá éigin díobh seo le láimh Shóil. Ní fearr rud a dhéanfainn ná éalú liom go tír na bhFilistíneach; ansin, le barr drochmhisnigh, scoirfidh Sól den tóir orm ó cheann ceann Iosrael agus beidh mé slán uaidh.”

2. Bhuail Dáiví bóthar dá bhrí sin, agus d'imigh sé, é féin agus an sé chéad fear a bhí ina choimhdeacht, síos go hÁicís, mac Mháóc, rí Ghat.

3. Chuir Dáiví faoi ag Gat le hÁicís, é féin agus a chuid fear, a chlann féin le gach duine díobh, agus a bheirt bhan le Dáiví .i. Aichíonaom ó Izréil agus Aibíogáil bean Nábál ó Chairmeil.

4. Nuair a fuair Sól scéala gur theith Dáiví go Gat, scoir sé den tóir air.

5. Dúirt Dáiví le hÁicís: “Má fuair mé fabhar i do láthair, tabhair áit lonnaithe dom i gceann de bhailte na tíre. Cén fáth a mairfeadh do shearbhónta sa chathair ríoga i do theannta?”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 27