Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 26:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Ansin tháinig muintir Zíf go Sól i nGibeá á rá: “Nach bhfuil Dáiví,” ar siad, “i bhfolach ar Shliabh Haicíleá lastoir de Ieisímeon?”

2. D'imigh Sól dá bhrí sin agus síos leis go fásach Zíf agus trí mhíle fear tofa as Iosrael aige chun Dáiví a chuardach i bhfásach Zíf.

3. Shuigh Sól a champa ar Shliabh Haicíleá atá le hais an bhóthair lastoir de Ieisímeon. Bhí Dáiví ag cur faoi san fhásach faoin am seo agus chonaic sé go raibh Sól ag teacht ansiúd ar a thóir.

4. Chuir Dáiví lucht braite amach, dá bhrí sin, agus fuair amach go cinnte go raibh Sól tagtha.

5. Chuir Dáiví chun siúil agus tháinig chun na háite ina raibh a champa suite ag Sól. Chonaic sé mar a raibh Sól agus Aibneár mac Néar, ceannasaí an airm, ina luí. Bhí Sól ina luí istigh sa champa agus na saighdiúirí ina mbothanna ina thimpeall.

6. Ansin labhair Dáiví le hAichímeilic an Hiteach agus le hAibísí mac Zarúá, deartháir Ióáb: “Cé rachaidh síos liom isteach sa champa go Sól?” ar sé. D'fhreagair Aibísí: “Mise; rachaidh mise leat.”

7. D'imigh Dáiví agus Aibísí leo sa dorchadas dá bhrí sin chun an airm agus fuaireadar Sól ansiúd ina chodladh sa champa, a shleá sáite sa talamh ag a cheann agus Aibneár agus an t‑arm ina luí timpeall air.

8. Ansin dúirt Aibísí le Dáiví: “Thug an Tiarna do namhaid i do láimh duit inniu! Déanfaidh mé é a shá go talamh le hiarracht dá shleá féin! Aon iarracht amháin air, ní bhuailfidh mé an dara ceann.”

9. Ach d'fhreagair Dáiví Aibísí: “Ná maraigh é! Óir cé d'fhéadfadh a lámh a shíneadh in aghaidh fhear ungtha an Tiarna, agus ciontacht a sheachaint?

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 26