Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 25:6-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Agus labhraigí mar leanas [le mo dheartháir]: ‘Síocháin duit agus síocháin do do theaghlach, agus síocháin do gach a mbaineann leat!

7. Is clos dom go bhfuil an mheitheal bhearrtha agat. Bhí d'aoirí inár dteannta agus ní dhearnamar aon dochar dóibh agus níor chailleadar aon ní i rith an ama go léir a bhíodar i gCairmeil.

8. Cuir ceist ar d'ógánaigh agus inseoidh siad sin duit. Go raibh do ghnaoi dá bhrí sin ar na hógánaigh seo, mar is ar lá féasta a thángamar. Tabhair, le do thoil, cibé ní cóir atá agat ansin do do shearbhóntaí agus do Dháiví do mhac.’ ”

9. Tháinig ógánaigh Dháiví agus dúradar é sin go léir le Nábál in ainm Dháiví agus ansin d'fhanadar.

10. D'fhreagair Nábál seirbhísigh Dháiví: “Dáiví - cé he féin? Cé hé mac Ieise? Is iomaí seirbhíseach atá ag éalú óna máistirí na laethanta seo!

11. An dtógfaidh mise m'arán agus m'fhíon agus an fheoil a mharaigh mé do mo mheitheal bhearrtha agus sin a thabhairt do dhaoine nach eol dom cad as dóibh?”

12. Chas ógánaigh Dháiví ar a sáil agus d'fhilleadar an bealach a thángadar agus rinneadar an méid sin go léir a aithris do Dháiví.

13. Ansin dúirt Dáiví lena chuid fear: “Ceanglaíodh gach duine a chlaíomh air féin!” Agus cheangail gach duine a chlaíomh air féin; agus cheangail Dáiví a chlaíomh air féin chomh maith. Lean timpeall ceithre chéad fear Dáiví agus d'fhan dhá chéad leis an mbagáiste.

14. Thug duine de na seirbhísigh an scéala go hAibíogáil, bean Nábál. “Chuir Dáiví,” ar sé, “teachtairí ón bhfásach chun ceiliúradh dár máistir, ach thug sé aghaidh a chaoraíochta orthu.

15. Anois bhí na fir seo an-mhaith dúinn; níor chuireadar isteach orainn agus níor chailleamar aon ní i rith an ama go léir a bhíomar ina gcomharsanacht.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 25