Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 25:34-42 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

34. Ach dar an Tiarna Dia Iosrael a mhaireann beo, agus a choisc mé ó dhíobháil a dhéanamh duit, mura mbeadh tú a bhrostú amach i mo choinne, dar m'fhocal, ní bheadh oiread agus fear fágtha beo ag Nábál faoi mhaidin.”

35. Ansin ghlac Dáiví óna láimh a raibh tugtha aici chuige agus dúirt sé léi: “Imigh leat abhaile faoi shíocháin; féach, thug mé cluas duit, agus rinne mé mar a d'iarr tú.”

36. D'fhill Aibíogáil ar Nábál, agus bhí fleá ar siúl aigesean ina theach, fleá mar a mbeadh ag rí. Bhí Nábál meidhreach súgach agus toisc é a bheith ar a chaoil ní dúirt sí focal leis go raibh sé ina lá.

37. Ar maidin lá arna mhárach nuair a bhí an deoch curtha de ag Nábál, d'inis a bhean an scéal go léir dó. Thit an lug ar an lag ag Nábál, rinneadh staic de mar chloch.

38. Timpeall deich lá ina dhiaidh sin bhuail an Tiarna Nábál, agus cailleadh é.

39. Nuair a fuair Dáiví scéala báis Nábál, dúirt sé: “Moladh leis an Tiarna a rinne an aithis a fuair mé ó láimh Nábál a agairt, agus a choisc a shearbhónta ón olc; tá drochbhearta Nábál tugtha sa mhullach air féin ag an Tiarna.” Ansin chuir Dáiví scéala cleamhnais go hAibíogáil.

40. Nuair a tháinig searbhóntaí Dháiví go hAibíogáil i gCairmeil, dúradar: “Chuir Dáiví sinne chugat chun tú a fháil mar bhean dó féin.”

41. D'éirigh sise agus chrom go humhal chun talún: “Seo bhur mbanóglach agaibh,” ar sí, “mar dhaoirseach le cosa searbhóntaí mo thiarna a ní.”

42. D'éirigh Aibíogáil ansin go deifreach, chuaigh ar muin asail, agus a cúigear ionailt ina coimhdeacht, agus lean sí teachtairí Dháiví agus bhí aige mar bhean.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 25