Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 25:2-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. Tharla go raibh fear i Máón a raibh a ghnó i gCairmeil. Bhí sé an-saibhir; bhí trí mhíle caora aige agus míle gabhar. Bhí sé ag bearradh a chuid caorach i gCairmeil.

3. Nábál a ba ainm don fhear agus Aibíogáil dá bhean. Bhí an bhean éirimiúil sciamhach, ach bhí an fear tuathalach drochbhéasach. Cálaebach a ba ea é.

4. Nuair a chuala Dáiví san fhásach go raibh Nábál ag bearradh a chuid caorach,

5. chuir sé deichniúr ógánach chuige á rá leo: “Téigí suas go Cairmeil, tugaigí cuairt ar Nábál agus beannaigí dó i m'ainm.

6. Agus labhraigí mar leanas [le mo dheartháir]: ‘Síocháin duit agus síocháin do do theaghlach, agus síocháin do gach a mbaineann leat!

7. Is clos dom go bhfuil an mheitheal bhearrtha agat. Bhí d'aoirí inár dteannta agus ní dhearnamar aon dochar dóibh agus níor chailleadar aon ní i rith an ama go léir a bhíodar i gCairmeil.

8. Cuir ceist ar d'ógánaigh agus inseoidh siad sin duit. Go raibh do ghnaoi dá bhrí sin ar na hógánaigh seo, mar is ar lá féasta a thángamar. Tabhair, le do thoil, cibé ní cóir atá agat ansin do do shearbhóntaí agus do Dháiví do mhac.’ ”

9. Tháinig ógánaigh Dháiví agus dúradar é sin go léir le Nábál in ainm Dháiví agus ansin d'fhanadar.

10. D'fhreagair Nábál seirbhísigh Dháiví: “Dáiví - cé he féin? Cé hé mac Ieise? Is iomaí seirbhíseach atá ag éalú óna máistirí na laethanta seo!

11. An dtógfaidh mise m'arán agus m'fhíon agus an fheoil a mharaigh mé do mo mheitheal bhearrtha agus sin a thabhairt do dhaoine nach eol dom cad as dóibh?”

12. Chas ógánaigh Dháiví ar a sáil agus d'fhilleadar an bealach a thángadar agus rinneadar an méid sin go léir a aithris do Dháiví.

13. Ansin dúirt Dáiví lena chuid fear: “Ceanglaíodh gach duine a chlaíomh air féin!” Agus cheangail gach duine a chlaíomh air féin; agus cheangail Dáiví a chlaíomh air féin chomh maith. Lean timpeall ceithre chéad fear Dáiví agus d'fhan dhá chéad leis an mbagáiste.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 25