Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 25:17-33 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Déan do mhachnamh air sin anois agus féach cad is féidir leat a dhéanamh mar tá sé beartaithe drochíde a imirt ar ár maistir agus ar a theaghlach go léir, agus tá sé féin chomh ciotrúnta sin nach féidir d'aon duine focal a rá leis.”

18. Ansin tháinig fuadar faoi Aibíogáil; fuair sí dhá chéad builín, dhá sheithe fíona, chuig caora feannta deasaithe, cúig thomhas de ghrán tíortha, céad crobhaing rísíní, dhá chéad císte figí, agus leag sí ar asail iad.

19. Agus dúirt sí lena giollaí: “Ar aghaidh libh romham amach. Beidh mise ar bhur sála.” Ach níor inis sí aon ní dá fear, Nábál.

20. Agus í ag marcaíocht ar a hasal le fána faoi speirín sléibhe, seo chuici anuas ina treo Dáiví agus a chuid fear, agus bhuail sí leo.

21. Is é a bhí ráite, más ea, ag Dáiví: “Ba obair in aisce agam, go cinnte, a bheith ag cosaint mhaoin an fhir úd san fhásach! Níor cailleadh aon phioc dá raibh aige, ach féach gur olc a chúitigh sé an mhaith liom.

22. Go ndéana Dia seo agus siúd agus a thuilleadh fós le Dáiví má fhágaim oiread agus fear dá mbaineann leis beo faoi mhaidin!”

23. A luaithe a chonaic Aibíogáil Dáiví, tháinig sí anuas dá hasal faoi dheifir, chaith í féin ar a béal os comhair Dháiví, agus chrom chun talún.

24. Chaith sí í féin ag a chosa agus dúirt: “Cuir an milleán seo ormsa amháin, a thiarna. Tabhair cluas do do bhanóglach, le do thoil, agus éist le focail do bhanóglaigh.

25. Ná bíodh aon aird agat ar Nábál an drochmhianaigh, mar is cuma a nádúr nó a ainm; tuathalachán a ainm agus is tuathalach a mheon. Ach ní fhaca mise, do bhanóglach, na saighdiúirí a chuir mo thiarna.

26. Anois, a uasail, dar an Tiarna beo, agus dar d'anam beo, agus dar an Tiarna a choinnigh thú ó choir na fola, agus ó dhíoltas a imirt le do láimh féin, go n‑imí an íde chéanna le Nábál ar do naimhde agus ar gach duine a bheartaíonn an t‑olc in aghaidh mo thiarna.

27. Maidir leis an mbronntanas atá á thabhairt ag do bhanóglach go dtí mo thiarna, tugtar é do na hógánaigh, lucht leanúna mo thiarna féin.

28. Maith a cionta do do bhanóglach agus déanfaidh an Tiarna ríshliocht daingean a dheonú do mo thiarna, mar tá mo thiarna ag troid cathanna an Tiarna, agus ní bheidh urchóid le fáil ort i gcaitheamh do shaoil go léir.

29. Má théann daoine sa tóir ort agus iarracht a dhéanamh ar thú a mharú, beidh anam mo thiarna slán i dtiach na beatha ag an Tiarna, do Dhia; maidir le hanam do naimhde, caithfidh sé uaidh iad, mar a dhéanfadh clocha as crann tabhaill.

30. Nuair a bheidh gach ní cóir atá geallta aige fút déanta ag an Tiarna do mo thiarna, nuair a bheidh tú ceaptha i do thaoiseach ar Iosrael aige,

31. ná bíodh aon chúis cháisimh ná aifeála ar mo thiarna de bharr fuil a dhoirteadh gan ghá, ná éiric a bhaint amach le do láimh féin. Nuair a thaispeánfaidh an Tiarna a fhéile do mo thiarna, ansin cuimhnigh ar do bhanóglach.”

32. Dúirt Dáiví le hAibíogáil: “Is beannaithe an Tiarna Dia Iosrael a chuir thú i mo threo inniu!

33. Gura beannaithe d'eagna, agus gura beannaithe thú féin, de bharr mé a chosc inniu ó choir na fola, agus ó éiric a bhaint amach le mo láimh féin!

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 25