Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 24:7-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. agus dúirt sé lena lucht leanúna: “Nár lige an Tiarna go ndéanfainn an rud seo le mo thiarna, ná go sínfinn mo lámh amach ina aghaidh, ós é fear ungtha an Tiarna é.”

8. Agus leis na briathra sin thug Dáiví ar a lucht leanúna gan Sól a ionsaí. D'éirigh Sól ansin agus amach leis as an bpluais agus d'imigh sé leis.

9. Ina dhiaidh sin tháinig Dáiví amach as an bpluais freisin agus scairt sé ar Shól á rá: “A Thiarna, a rí!” Nuair a bhreathnaigh Sól ina dhiaidh, chrom Dáiví síos go talamh agus d'umhlaigh dó.

10. Dúirt Dáiví le Sól ansin: “Cén fáth a dtugann tú aird ar dhaoine a deir: ‘Tá sé ar aigne ag Dáiví dochar a dhéanamh duit’?

11. Féach, chonaic tú le do shúile cinn inniu gur thug an Tiarna isteach i mo láimh thú sa phluais. Agus bhí siad ann a dúirt liom thú a mharú. Ach lig mé do bheo leat. Dúirt mé: ‘Ní shínfidh mé mo lámh amach in aghaidh mo thiarna, ós é fear ungtha an Tiarna é.’

12. Féach, a athair, go bhfuil íochtar do chlóca i mo láimh agam. Ghearr mé an t‑íochtar anuas de do chlóca, ach níor mharaigh mé thú. Caithfidh tú a thuiscint agus a fheiceáil, dá réir sin, nach bhfuil urchóid ná tréas ar aigne agam. Níor chiontaigh mé i d'aghaidh, bíodh go bhfuil tú sa tóir orm chun mé a mharú.

13. Go dtuga an Tiarna breithiúnas idir mé agus thú; go mbaine an Tiarna éiric díot ar mo shon; ach ní leagfaidh mise lámh ort.

14. (Seanfhocal le sinsireacht é: ‘Tagann an urchóid ón duine urchóideach,’ ach ní leagfaidh mise lámh ort.)

15. Cé ina dhiaidh ar tháinig rí Iosrael amach? Cé air a bhfuil tú sa tóir? Ar mhadra marbh? Ar dhreancaid?

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 24