Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 24:14-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. (Seanfhocal le sinsireacht é: ‘Tagann an urchóid ón duine urchóideach,’ ach ní leagfaidh mise lámh ort.)

15. Cé ina dhiaidh ar tháinig rí Iosrael amach? Cé air a bhfuil tú sa tóir? Ar mhadra marbh? Ar dhreancaid?

16. Go raibh an Tiarna ina bhreitheamh mar sin agus go dtuga sé breithiúnas idir mé is tú; go bhféacha sé chuige agus breithiúnas a thabhairt ar mo shon agus mé a shaoradh ó do láimh.”

17. Nuair a bhí deireadh ráite ag Dáiví le Sól, dúirt Sól: “An é sin do ghuthsa, a Dháiví, a mhic?” Agus ghoil Sól os ard.

18. “Is ionraice thusa ná mise,” ar sé le Dáiví, “óir chúitigh tusa mise leis an maith, ach chúitigh mise thusa leis an olc.

19. Agus thaispeáin tú inniu a fheabhas a roinn tú liom sa mhéid nár mharaigh tú mé nuair a thug an Tiarna isteach i do láimh mé.

20. Óir má bheireann duine ar a namhaid, an ligfidh sé slán uaidh é? Go gcúití an Tiarna go maith leat a ndearna tú dom inniu.

21. Agus anois, féach, tá a fhios agam go mbeidh tú cinnte i do rí, agus go mbeidh ríocht Iosrael go daingean i do lámha.

22. “Mionnaigh dom anois dar an Tiarna nach ndéanfaidh tú mo shliocht i mo dhiaidh a dhíothú agus nach scriosfaidh tú m'ainm as teaghlach m'athar.”

23. Mhionnaigh Dáiví sin go léir do Shól, agus d'imigh Sól abhaile agus chuaigh Dáiví agus a lucht leanúna ar ais go dtí an daingean.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 24