Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 23:13-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

13. Ansin d'imigh Dáiví agus a lucht leanúna, timpeall sé chéad fear, agus chuireadar chun bóthair ó Cheíleá agus d'imíodar cibé treo inarbh fhéidir leo. Nuair a chuala Sól gur éalaigh Dáiví ó Cheíleá, d'éirigh sé as an eachtra.

14. D'fhan Dáiví san fhásach, sna daingin, ar na sléibhte i bhfásach Zíf. Níor chuaigh aon stad ar Shól ó lá go lá, ach á chuardach, ach níor thug Dia ar láimh dó é.

15. Bhí eagla ar Dháiví mar go raibh Sól tagtha amach ar tí a mharaithe. Bhí Dáiví an uair sin i Hoiris i bhfásach Zíf.

16. Chuir Iónátán mac Shóil chun bóthair agus tháinig go dtí Dáiví i Hoiris agus thug misneach dó in ainm Dé.

17. “Ná bíodh aon eagla ort,” ar sé leis, “mar ní bhfaighidh Sól m'athair greim ort; tusa a bheidh i do rí ar Iosrael, agus mise a bheidh taobh leat; is eol do Shól m'athair é sin freisin.”

18. Rinne an bheirt acu conradh i láthair an Tiarna. D'fhan Dáiví i Hoiris, agus chuaigh Iónátán abhaile.

19. Chuaigh cuid de mhuintir Zíf suas go Sól i nGibeá. “Nach bhfuil Dáiví,” ar siad, “i bhfolach inár measc i ndaingin Hoiris ar Shliabh Haicíleá, laisteas de Ieisímeon?

20. Tar anuas, más ea a rí, cibé uair ar bith is mian le do chroí teacht. Is é ár ngnó é a thabhairt ar láimh don rí.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 23