Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 23:11-28 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. (An dtabharfaidh muintir Cheíleá mise suas dó?) An dtiocfaidh Sól anuas mar a chuala do shearbhónta? A Thiarna, a Dhia Iosrael, inis do do shearbhónta, impím ort.” D'fhreagair an Tiarna: “Déanfaidh.”

12. Ansin d'fhiafraigh Dáiví: “An ndéanfaidh muintir Cheíleá mise agus mo lucht leanúna a thabhairt suas do Shól?” Agus d'fhreagair an Tiarna: “Déanfaidh.”

13. Ansin d'imigh Dáiví agus a lucht leanúna, timpeall sé chéad fear, agus chuireadar chun bóthair ó Cheíleá agus d'imíodar cibé treo inarbh fhéidir leo. Nuair a chuala Sól gur éalaigh Dáiví ó Cheíleá, d'éirigh sé as an eachtra.

14. D'fhan Dáiví san fhásach, sna daingin, ar na sléibhte i bhfásach Zíf. Níor chuaigh aon stad ar Shól ó lá go lá, ach á chuardach, ach níor thug Dia ar láimh dó é.

15. Bhí eagla ar Dháiví mar go raibh Sól tagtha amach ar tí a mharaithe. Bhí Dáiví an uair sin i Hoiris i bhfásach Zíf.

16. Chuir Iónátán mac Shóil chun bóthair agus tháinig go dtí Dáiví i Hoiris agus thug misneach dó in ainm Dé.

17. “Ná bíodh aon eagla ort,” ar sé leis, “mar ní bhfaighidh Sól m'athair greim ort; tusa a bheidh i do rí ar Iosrael, agus mise a bheidh taobh leat; is eol do Shól m'athair é sin freisin.”

18. Rinne an bheirt acu conradh i láthair an Tiarna. D'fhan Dáiví i Hoiris, agus chuaigh Iónátán abhaile.

19. Chuaigh cuid de mhuintir Zíf suas go Sól i nGibeá. “Nach bhfuil Dáiví,” ar siad, “i bhfolach inár measc i ndaingin Hoiris ar Shliabh Haicíleá, laisteas de Ieisímeon?

20. Tar anuas, más ea a rí, cibé uair ar bith is mian le do chroí teacht. Is é ár ngnó é a thabhairt ar láimh don rí.”

21. “Go gcuire an Tiarna a bheannacht oraibh, de bharr teacht i gcabhair orm,” arsa Sól.

22. “Imígí anois agus déanaigí deimhin de níos mó fós; faighigí amach cá dtéann rian a chos agus coinnigí cuimhne air, mar deirtear liom go bhfuil sé lán de ghliceas.

23. Faighigí faisnéis bheacht ar na háiteanna folaigh go léir ina dtéann sé i bhfolach, agus filligí orm nuair a bheidh sibh cinnte. Rachaidh mé chugaibh ansin agus má bhíonn sé sa dúiche, rachaidh mé sa tóir air ar fud finí uile Iúdá.”

24. D'imíodar leo dá bhrí sin agus chuadar go Zíf roimh Shól. Idir an dá linn bhí Dáiví agus a chuid fear i bhfásach Mháón, san Arabá, laisteas de Ieisímeon.

25. Agus chuaigh Sól agus a chuid fear ar a thóir. Fuair Dáiví scéala faoi, agus síos leis chun na carraige atá i bhfásach Mháón. Nuair a chuala Sól é sin lean sé Dáiví isteach i bhfásach Mháón.

26. Ghabh Sól agus a chuid fear feadh taobh den sliabh, agus ghabh Dáiví agus a chuid fear feadh an taoibh eile. Bhí Dáiví ag brostú air ag iarraidh éalú ó Shól, agus bhí Sól agus a chuid fear ag iarraidh Dáiví agus a chuid fear a shárú agus a ghabháil ar an gcuma sin.

27. Ansin tháinig teachtaire go dtí Sól á rá: “Tar gan mhoill, mar tá fogha tugtha ag na Filistínigh faoin tír.”

28. D'fhill Sól dá bhrí sin ón tóir a bhí á dhéanamh aige ar Dháiví agus chuaigh in aghaidh na bhFilistíneach. Sin é an fáth a dtugtar Carraig an Éalaithe ar an áit sin.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 23