Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 22:5-16 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Ansin dúirt an fáidh Gád le Dáiví: “Ná fan sa daingean; imigh leat agus gabh isteach i dtír Iúdá.” D'imigh Dáiví leis dá bhrí sin agus chuaigh isteach i bhforaois Heirit.

6. Chuala Sól ansin go bhfacthas Dáiví agus an mhuintir a bhí in éineacht leis. Bhí Sól i nGibeá, ina shuí faoin gcrann tamaraisce ar an ardán, a shleá ina láimh agus a oifigigh ina seasamh ina thimpeall.

7. “A fheara Bhiniáimin, éistigí liom,” arsa Sól lena oifigigh a bhí ina seasamh ina thimpeall; “an dtabharfaidh mac Ieise páirceanna agus fíonghoirt daoibh go léir, agus an ndéanfaidh sé ceannairí míle, agus ceannairí céad díbh go léir,

8. a rá is go bhfuil sibh uile i gcogar ceilge i m'aghaidh? Nuair a rinne mo mhac conradh le mac Ieise, níor thug aon duine eolas dom faoi; ní raibh trua ag aon duine agaibh dom, ná níor thug scéal dom nuair a ghriog mo mhac mo shearbhónta i m'aghaidh le bheidh ina namhaid agam mar atá anois.”

9. Ansin labhair Doéig an tEadómach; bhí sé ina sheasamh ansiúd taobh le hoifigigh Shóil; “Chonaic mé mac Ieise,” ar sé, “ag teacht go Nob, go hAichímeilic mac Aichiteob.

10. D'iarr seisean comhairle an Tiarna dó, agus thug lón bóthair dó, agus claíomh Ghóla an Filistíneach.”

11. Ansin chuir an rí fios ar an sagart Aichímeilic mac Aichiteob agus a mhuintir go léir, sagairt Nob. Thángadar go léir go dtí an rí.

12. Dúirt Sól: “Éist liom anois, a mhic Aichiteob.” D'fhreagair seisean: “Anseo dom, a thiarna.”

13. Agus dúirt Sól leis: “Cén fáth a ndearna sibh comhcheilg i m'aghaidh, thú féin agus mac Ieise, ag tabhairt aráin agus claímh dó, agus ag iarraidh comhairle Dé dó, i slí is go ndéanfadh sé ceannairc i m'aghaidh agus a bheith ag faire na faille orm, rud atá anois?”

14. D'fhreagair Aichímeilic an rí: “Cé hé i measc do shearbhóntaí go léir atá chomh dílis le Dáiví, cliamhain an rí, captaen ar gharda do chosanta, agus fear atá faoi ghradam i do theaghlach?

15. An é inniú an chéad uair riamh agam ag lorg comhairle Dé dó? I bhfad uaim a leithéid! Ná cuireadh an rí aon ní i leith a shearbhónta ná i leith a mhuintire go léir, mar bhí do shearbhónta dall ar fad ar an ngnó go léir.”

16. Ach d'fhreagair an rí: “Cuirfear chun báis thú, cuirfear sin go cinnte, a Aichímeilic, thú féin agus do mhuintir go léir.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 22