Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 22:11-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Ansin chuir an rí fios ar an sagart Aichímeilic mac Aichiteob agus a mhuintir go léir, sagairt Nob. Thángadar go léir go dtí an rí.

12. Dúirt Sól: “Éist liom anois, a mhic Aichiteob.” D'fhreagair seisean: “Anseo dom, a thiarna.”

13. Agus dúirt Sól leis: “Cén fáth a ndearna sibh comhcheilg i m'aghaidh, thú féin agus mac Ieise, ag tabhairt aráin agus claímh dó, agus ag iarraidh comhairle Dé dó, i slí is go ndéanfadh sé ceannairc i m'aghaidh agus a bheith ag faire na faille orm, rud atá anois?”

14. D'fhreagair Aichímeilic an rí: “Cé hé i measc do shearbhóntaí go léir atá chomh dílis le Dáiví, cliamhain an rí, captaen ar gharda do chosanta, agus fear atá faoi ghradam i do theaghlach?

15. An é inniú an chéad uair riamh agam ag lorg comhairle Dé dó? I bhfad uaim a leithéid! Ná cuireadh an rí aon ní i leith a shearbhónta ná i leith a mhuintire go léir, mar bhí do shearbhónta dall ar fad ar an ngnó go léir.”

16. Ach d'fhreagair an rí: “Cuirfear chun báis thú, cuirfear sin go cinnte, a Aichímeilic, thú féin agus do mhuintir go léir.”

17. Agus dúirt an rí leis an díorma garda a bhí ína seasamh ina thimpeall: “Ar aghaidh libh agus cuirigí sagairt an Tiarna chun báis, mar gur thug siadsan freisin lámh chúnta do Dháiví; bhí a fhios acu go raibh sé ar teitheadh ach níor insíodar dom é.” Ach níorbh áil le searbhóntaí an rí lámh dhearg a imirt ar shagairt an Tiarna.

18. Ansin dúirt an rí le Doéig: “Ar aghaidh leat agus imir faobhar ar na sagairt.” Agus ar aghaidh le Doéig an tEadómach agus d'imir sé faobhar ar na sagairt, agus mharaigh sé cúigear agus ceithre fichid díobh siúd a chaith an t‑éafód lín an lá sin.

19. Agus Nob, cathair na sagart, d'imir Sól claíomh uirthi, agus chuir chun báis le faobhar claímh idir fhir agus mhná, leanaí agus naíonáin, eallach agus asail agus chaoirigh.

20. Ach d'éalaigh duine de chlann mhac Aichímeilic mac Aichiteob darbh ainm Aibíátár, agus theith sé leis chun Dáiví,

21. agus dúirt Aibíátár le Dáiví gur mharaigh Sól sagairt an Tiarna.

22. “Bhí a fhios agam an lá sin,” arsa Dáiví le hAibíátár, “nuair a bhí Doéig an tEadómach ann, go sceithfeadh seisean orm go cinnte le Sól. Mise is cionsiocair le bás gach duine de do mhuintirse go léir.

23. Fan faramsa! Ná bíodh eagla ort! An té atá ar tí d'anamasa, tá sé ar tí m'anamasa chomh maith! Beidh tú slán ó bhaol faramsa.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 22