Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 20:31-43 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. Fad a mhairfidh mac Ieise beo ar talamh, ní bheidh tú féin ná do chearta rí daingean gan bhaol. Cuir fios air, dá bhrí sin, agus tabhair chugam é, óir tá an bás i ndán dó.”

32. Ansin d'fhreagair Iónátán Sól, a athair: “Cén fáth é a chur chun báis,” ar sé, “céard atá déanta aige?”

33. Ach chaith Sól urchar dá shleá leis lena leagan ar lár; thuig Iónátán ansin go raibh sé beartaithe ag a athair Dáiví a chur chun báis.

34. D'éirigh Iónátán ón mbord agus fraoch feirge air agus níor chaith sé aon bhia an dara lá sin den Ré Nua, mar gur ghoill cás Dháiví air mar gur mhaslaigh a athair é.

35. Maidin lá arna mharach ghabh Iónátán amach sna bánta chun na coinne a bhí aige le Dáiví, agus giolla óg ina theannta.

36. Dúirt sé lena ghiolla: “Rith agus faigh na saigheada atá le caitheamh agam,” agus fad a bhí an giolla ag rith chaith sé saighead roimhe amach.

37. Nuair a shroich an giolla an áit inar chaith Iónátán an tsaighead, ghlaoigh Iónátán chun an ghiolla agus dúirt: “Nach bhfuil an tsaighead romhat amach?”

38. Ghlaoigh Iónátán chun an ghiolla arís: “Brostaigh, corraigh ort, ná déan moill.” Bhailigh giolla Iónátán na saigheada agus tháinig ar ais chun a mháistir.

39. Ní raibh tuairim dá laghad ag an ngiolla i dtaobh cad a bhí i gceist; ag Iónátán agus ag Dáiví amháin a bhí fios an scéil.

40. Thug Iónátán a airm dá ghiolla ansin agus dúirt leis: “Imigh leat agus beir leat don chathair iad.”

41. Nuair a d'imigh an giolla d'éirigh Dáiví ón áit ina raibh sé ag taobh an chairn agus chaith é féin ar a bhéal ar an talamh agus chrom faoi thrí. Ansin phógadar a chéile agus ghoileadar go fuíoch le chéile nó gur tháinig Dáiví chuige féin.

42. Dúirt Iónátán ansin le Dáiví: “Imigh faoi shíocháin. Maidir leis an mionn a mhionnaigh an bheirt againn in ainm an Tiarna, go raibh an Tiarna ina fhinné idir thusa agus mise, idir do shliochtsa agus mo shliochtsa go brach.”

43. D'éirigh [Dáiví] ina sheasamh ansin agus d'imigh sé leis, agus d'fhill Iónátán ar an gcathair.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 20