Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 19:8-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

8. Bhí sé ina chogadh arís agus chuaigh Dáiví amach agus throid in aghaidh na bhFilistíneach; rinne sé ár agus eirleach orthu agus theitheadar roimhe.

9. Ansin ghabh drochspiorad ón Tiarna greim ar Shól agus é ina shuí ina theach agus a shleá ina láimh aige; bhí Dáiví ag seinm na cruite.

10. Rinne Sól iarracht ar Dháiví a ghreamú den bhalla lena shleá, ach sceinn sé as an tslí ó Shól i dtreo gur sháigh seisean a shleá sa bhalla. Theith Dáiví agus tháinig slán.

11. An oíche chéanna úd chuir Sól dream go teach Dháiví chun é a fhaire d'fhonn é a mharú maidin lá arna mhárach. Ach dúirt Míceal bean Dháiví leis: “Mura n‑éalaíonn tú le d'anam anocht, marófar thú amárach.”

12. Ansin scaoil Míceal Dáiví síos ón bhfuinneog, agus theith sé leis agus d'éalaigh.

13. Fuair Míceal an taráfaím, an íomhá, ansin agus leag ar an leaba é, chuir mothall d'fhionnadh gabhair ar a cheann, agus leag brat air á cheilt.

14. Nuair a sheol Sól lucht a ghafa go Dáiví, dúirt sí: “Tá sé tinn.”

15. Ach chuir Sól a ghiollaí ar ais chun Dáiví a fheiceáil á rá: “Tugaigí chugam aníos ar a leaba é ionas go maróinn é!”

16. Chuadar isteach dá bhrí sin agus ansiúd rompu ar an leaba bhí an taráfaím agus an mothall d'fhionnadh gabhair ar a cheann!

17. Ansin dúirt Sól le Míceal: “Cén fáth ar mheall tú mar seo mé agus ligean do mo namhaid imeacht agus éalú leis?” D'fhreagair Míceal Sól á rá: “Dúirt sé liom: ‘Lig dom imeacht, cén fáth thú a mharú?’ ”

18. Theith Dáiví agus d'éalaigh leis agus chuaigh go Samúéil i Rámá agus d'inis sé dó gach a ndearna Sól air. D'imigh sé féin agus Samúéil ansin agus chuireadar fúthu sna botháin.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 19