Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 19:1-6 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Dúirt Sól lena mhac Iónátán agus lena shearbhóntaí go léir nárbh fholáir Dáiví a mharú. Ach bhí an-chion ag Iónátán mac Shóil ar Dháiví

2. agus thug Iónátán rabhadh do Dháiví á rá: “Tá m'athair Sól ag iarraidh thú a mharú. Bí ar d'fhaichill, mar sin, maidin amárach; gabh i bhfolach in áit uaigneach éigin.

3. Agus gabhfaidh mise amach agus fanfaidh mé i gcomhluadar m'athar sa ghort mar a mbeidh tusa agus labhróidh mé le m'athair fút. Má fhaighim fios an scéil inseoidh mé duit é.”

4. Mhol Iónátán Dáiví dá athair, Sól, dá bhrí sin agus dúirt leis: “Ná déanadh an rí peaca in aghaidh a shearbhónta, Dáiví, mar ní dhearna seisean peaca i d'aghaidh, agus gach a ndearna sé, chuaigh sé go mór i dtairbhe duitse.

5. Chuaigh sé i mbaol a anama nuair a mharaigh sé an Filistíneach, agus nuair a thug Dia bua mór d'Iosrael go léir. Chonaic tú féin é, agus bhí lúcháir ort. Cén fáth mar sin go ndéanfá peaca in aghaidh fola neamhchiontaí agus Dáiví a mharú gan chúis?”

6. Agus thug Sól aird ar a ndúirt Iónátán agus thug Sól mionn á rá: “Dar an Tiarna beo, ní mharófar é.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 19