Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 18:11-24 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. agus thug Sól amas lena shleá air á rá leis féin: “Déanfaidh mé é a ghreamú den bhalla,” ach d'éalaigh Dáiví uaidh faoi dhó.

12. Bhí eagla ar Shól roimh Dháiví mar go raibh an Tiarna leis-sean ach é imithe ó Shól.

13. Dhíbir Sól óna láthair é dá réir sin agus rinne sé taoiseach míle de. Ghabhadh sé isteach agus amach ar cheann an tslua.

14. Bhí ag rith le Dáiví ina chúraimí go léir, agus bhí an Tiarna leis.

15. Agus nuair a chonaic Sól go raibh rith an rása leis, tháinig scéin air roimhe.

16. Ach bhí gean ag Iosrael go léir agus ag Iúdá ar Dháiví, mar gurbh é a dtaoiseach é ina n‑eachtraí go léir.

17. Ansin dúirt Sól le Dáiví: “Seo í an iníon is sine agam, Méarab; tabharfaidh mé duit í mar bhean; ach ní foláir duit seirbhís a dhéanamh dom go cróga agus cathanna an Tiarna a throid” - mar is é a shocraigh Sól ina aigne: “Nárab í mo lámhsa a leagfaidh ar lár é, ach lámh na bhFilistíneach.”

18. D'fhreagair Dáiví Sól á rá: “Cé hé mise, agus cé hiad mo mhuintir, agus teaghlach m'athar in Iosrael a rá go mbeinn i mo chliamhain ag an rí?”

19. Ach nuair a tháinig a t‑am le Méarab iníon Shóil a thabhairt do Dháiví is do Aidriéil ó Mhaholá a tugadh í mar bhean.

20. Ansin thit Míceal, iníon le Sól, i ngrá le Dáiví. Insíodh é sin do Shól agus thaitin sé leis.

21. Dúirt sé leis féin, “Sea, tabharfaidh mé dó í, agus beidh sí ina gaiste dó agus buailfidh lámh na bhFilistíneach é.” Dúirt Sól dá bhrí sin an dara huair le Dáiví: “Beidh tú i do chliamhain agam.”

22. Thug Sól ordú dá ghiollaí mar leanas dá bhrí sin: “Labhraigí le Dáiví os íseal agus abraigí: ‘Féach, tugann an rí gean duit agus tá cion ag a shearbhóntaí go léir ort; bí i do chliamhain ag an rí más ea.’ ”

23. Dúirt giollaí Shóil na nithe sin go léir i gcogar le Dáiví; agus d'fhreagair Dáiví: “An dóigh libh go bhfuil sé breá bog agamsa a bheith i mo chliamhain ag an rí agus mé gan mhaoin gan cháil.”

24. Ansin dúirt giollaí Shóil leis siúd: “A leithéid seo a dúirt Dáiví.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 18