42. Dúirt Sól: “Caith an crann idir mise agus mo mhac Iónátán.” Thit an crann ar Iónátán.
43. Dúirt Sól le Iónátán ansin: “Inis dom a bhfuil déanta agat.” “Ní dhearna mé,” arsa Iónátán, “ach béalóg mheala a ithe de bharr mo bhata a bhí i mo ghlaic agam. Seo anseo mé anois réidh don bhás.”
44. Dúirt Sól: “Go ndéana Dia seo agus siúd liom, agus a thuilleadh de bhreis air, mura bhfaigheann tú bás, a Iónátán.”
45. Ach dúirt an pobal le Sól: “An bhfaighidh Iónátán bás anois agus gurb eisean a fuair an bua iontach seo d'Iosrael? I bhfad uainn a leithéid! Dar an Tiarna beo, ní thitfidh oiread agus ribe de ghruaig a chinn chun talún mar bhí Dia leis ina bhearta inniu.” Rinne an pobal Iónátán a fhuascailt dá bhrí sin agus níor cuireadh chun báis é.
46. Bheartaigh Sól scor den tóir ar na Filistínigh, agus d'fhill na Filistínigh ar a ndúiche féin.
47. Dhaingnigh Sól a údarás rí ar Iosrael, agus throid sé in aghaidh a naimhde go léir ar gach taobh - i gcoinne na nAmónach, i gcoinne Eadóm, i gcoinne ríthe Zóbá, agus i gcoinne na bhFilistíneach; cibé áit ina dtugadh sé a aghaidh bhíodh [an bua aige].
48. Rinne sé ghníomhartha gaile agus gaisce. Bhuaigh sé ar na hAmailéicigh agus d'fhuascail sé Iosrael ó lámha lucht a scriosta.
49. Ba iad Iónátán agus Ísví agus Mailcíosú clann mhac Shóil. Siad na hainmneacha a bhí ar a bheirt iníon: Méarab ar an sinsear agus Míceal ar an sóisear.
50. Aichíonoam a bhí ar a bhean, iníon Aichímeáz. Aibnéar mac Néar a ba ainm dá thaoiseach airm; uncail do Shól eisean.
51. Mic do Aibiéil ab ea Cís athair Shóil agus Néar athair Aibnéar.
52. Bhí cogadh fíochmhar ar siúl in aghaidh na bhFilistíneach i gcaitheamh ré Shóil ar fad. Aon tréanfhear nó gaiscíoch dá bhfeicfeadh sé, ghlacadh sé chun a sheirbhíse féin é.