Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 14:14-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

14. Sa chéad ár a chuir Iónátán agus a fhear iompair airm thit timpeall fiche fear i bhfad leathiomaire in acra talún.

15. Bhí scéin sa champa agus faoin tuath ina thimpeall; tháinig scanradh ar an ngarastún agus ar an lucht creiche; chrith an talamh agus bhí uafás Dé ar dhaoine.

16. Chonaic farairí Shóil i nGibeá Bhiniáimin an campa á scaipeadh i ngach treo.

17. Dúirt Sól ansin leis an dream a bhí ina theannta: “Comhairigí anois agus féachaigí cé atá imithe uainn.” Rinneadh an comhaireamh agus bhí Iónátán agus fear iompair a airm in easnamh.

18. Dúirt Sól ansin le hAichíá: “Tabhair an [t‑éafód] anseo” - mar eisean a d'iompraíodh an [t‑éafód] i láthair Iosrael.

19. Fad a bhí Sól ag caint leis an sagart d'éirigh an callán i gcampa na bhFilistíneach níos measa agus níos measa, agus dúirt Sól leis an sagart; “Tarraing siar do lámh.”

20. Ansin chuir Sól agus an mhuintir a bhí in éineacht leis iad féin in eagar agus chuadar chun an chatha; ansiúd bhí gach duine ag díriú a chlaímh ar a chéile agus bhí sé ina chíor thuathail.

21. Fiú na hEabhraigh a chuaigh i seirbhís na bhFilistíneach roimhe sin, agus a ghabh suas leo go dtí an campa, ghabhadar leis na hIosraelaigh a bhí le Sól agus le Iónátán.

22. Na hIosraelaigh go léir a bhí i bhfolach in ardáin Eafráim, nuair a chuala siad go raibh na Filistínigh ag teitheadh, chuadar go dian sa tóir orthu sa chath.

23. D'fhuascail an Tiarna Iosrael an lá sin agus ghabh an troid anonn thar Bhéit [Horón].

24. Chuir [Sól troscadh dian] i bhfeidhm an lá sin agus chuir an pobal faoi mhionn á rá: “Mallacht ar an té a íosfaidh greim bia roimh thráthnóna, sula ndéanfaidh mé díoltas a imirt ar mo naimhde.” Níor bhlais aon duine den phobal greim.

25. [Bhí cíor mheala ar an talamh ar an mbán,]

26. ach nuair a tháinig na daoine chomh fada léi, [cé go raibh an tsaithe imithe,] níor chuir aon duine lámh chun a bhéil, le heagla an mhionna.

27. Ach níor chuala Iónátán a athair ag cur an phobail faoi bhrí an mhionna, agus shín sé barr an bhata a bhí ina ghlaic agus thum sa chíor é agus chuir a lámh chun a bhéil, agus tháinig preab ina shúile.

28. Ansin labhair duine den phobal: “Chuir d'athair,” ar sé, “an pobal go docht faoi bhrí mionna á rá go mbeadh mallacht ar an té a d'íosfadh greim inniu” (agus bhí lagaíocht ar an bpobal).

29. D'fhreagair Iónátán: “Rinne m'athair dochar don tír; féach nach mó an phreab atá i mo shúile anois mar gur ith mé an bhéalóg mheala sin?

30. Agus, dála an scéil, nárbh fhearr go mór é dá n‑íosfadh an pobal a ndóthain inniu as an gcreach a thógadar óna naimhde? Ní mor an t‑ár a cuireadh ar na Filistínigh.”

31. Phleancadar na Filistínigh an lá sin ó Mhicmeáis go hAiálón nó go raibh an pobal tnáite traochta.

32. Ansin thugadar faoin gcreach agus rugadar ar chaoirigh, daimh agus laonna, agus mharaíodar ansiúd ar an talamh iad agus d'alpadar iad fuil agus uile.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 14