13. Ghabh Iónátán suas ar lámhacán, agus a fhear iompair airm ina dhiaidh. Thiteadar siúd roimh Iónátán agus tháinig a fhear iompair airm ina dhiaidh, agus mharaigh sé iad.
14. Sa chéad ár a chuir Iónátán agus a fhear iompair airm thit timpeall fiche fear i bhfad leathiomaire in acra talún.
15. Bhí scéin sa champa agus faoin tuath ina thimpeall; tháinig scanradh ar an ngarastún agus ar an lucht creiche; chrith an talamh agus bhí uafás Dé ar dhaoine.
16. Chonaic farairí Shóil i nGibeá Bhiniáimin an campa á scaipeadh i ngach treo.
17. Dúirt Sól ansin leis an dream a bhí ina theannta: “Comhairigí anois agus féachaigí cé atá imithe uainn.” Rinneadh an comhaireamh agus bhí Iónátán agus fear iompair a airm in easnamh.
18. Dúirt Sól ansin le hAichíá: “Tabhair an [t‑éafód] anseo” - mar eisean a d'iompraíodh an [t‑éafód] i láthair Iosrael.
19. Fad a bhí Sól ag caint leis an sagart d'éirigh an callán i gcampa na bhFilistíneach níos measa agus níos measa, agus dúirt Sól leis an sagart; “Tarraing siar do lámh.”
20. Ansin chuir Sól agus an mhuintir a bhí in éineacht leis iad féin in eagar agus chuadar chun an chatha; ansiúd bhí gach duine ag díriú a chlaímh ar a chéile agus bhí sé ina chíor thuathail.
21. Fiú na hEabhraigh a chuaigh i seirbhís na bhFilistíneach roimhe sin, agus a ghabh suas leo go dtí an campa, ghabhadar leis na hIosraelaigh a bhí le Sól agus le Iónátán.
22. Na hIosraelaigh go léir a bhí i bhfolach in ardáin Eafráim, nuair a chuala siad go raibh na Filistínigh ag teitheadh, chuadar go dian sa tóir orthu sa chath.