Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 12:5-18 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

5. Dúirt sé leo: “Nach finné é an Tiarna in bhur n‑aghaidh, agus nach finné é a ungthach inniu nach bhfuair sibh aon ní ar chúl mo ghlaice?” “Sea, is finné é,” ar siad.

6. Dúirt Samúéil ansin leis an bpobal: “An Tiarna, an té a cheap Maois agus Árón, agus a thug bhur sinsir amach as an Éigipt, [is finné é].

7. Fanaigí socair in bhur seasamh ansin dá bhrí sin nó go ndéanfaidh mé áiteamh libh i láthair an Tiarna agus go gcuirfidh mé i gcuimhne daoibh na héachtaí slánaithe go léir a rinne an Tiarna ar mhaithe libh féin, agus ar mhaithe le bhur sinsir.

8. Nuair a tháinig Iacób isteach san Éigipt [agus go ndearna na hÉigiptigh leatrom orthu], ghlaoigh bhur sinsir ar an Tiarna agus sheol sé Maois agus Árón chucu. Thugadarsan bhur sinsir as an Éigipt amach agus chuireadar chun cónaithe san áit seo iad.

9. Ansin rinneadar dearmad ar an Tiarna, a nDia, agus reic seisean iad isteach i lámha Shíseará, taoiseach airm Házór. Agus chomh maith i lámha na bhFilistíneach agus rí Mhóáb a bhí ag troid ina n‑aghaidh.

10. Ghlaoigh siad ar an Tiarna ansin á rá: ‘Pheacaíomar, mar thréigeamar an Tiarna; rinneamar seirbhís do na Bálaím agus do na hAisteárót; ach fuascail sinn anois ó lámha ár naimhde agus déanfaimid seirbhís duit.”

11. Ansin sheol an Tiarna Iarubál, Bárác, Iaftá agus Samúéil. D'fhuascail sé sibh ó chumhacht bhur naimhde in bhur dtimpeall agus mhair sibh gan bhaol.

12. Nuair a chonaic sibh Nácháis rí na nAmónach ag teacht do bhur n‑ionsaí, dúirt sibh liom: ‘Ní hea, ní foláir rí a bheith ag rialú orainn,’ cé gurbh é an Tiarna bhur nDia ba rí oraibh.

13. Anois más ea, seo é an rí a thogh sibh (agus a d'iarr sibh). Cheap an Tiarna rí oraibh.

14. Má thugann sibh urraim agus ómós don Tiarna agus géilleadh dá ghlór, agus gan ceannairc a dhéanamh i n‑aghaidh aithne an Tiarna, agus má leanann sibh féin agus an rí atá ag rialú oraibh, an Tiarna bhur nDia, beidh gach ní ina cheart.

15. Ach in ionad géilleadh do ghlór an Tiarna, má dhéanann sibh ceannairc in aghaidh a aithne, beidh a lámh in bhur n‑aghaidh agus in aghaidh bhur [rí].

16. Fanaigí in bhur seasamh ansin dá bhrí sin agus fairigí an t‑iontas mór a dhéanfaidh an Tiarna os comhair bhur súl.

17. Nach é seo fómhar na cruithneachta againn inniu? Guífidh mé chun an Tiarna agus seolfaidh sé toirneach agus fearthainn; tuigigí agus feicigí a ghráiniúla de bheart a rinne sibh i láthair an Tiarna nuair a d'iarr sibh rí daoibh féin.”

18. Ghuigh Samúéil chun an Tiarna ansin agus sheol an Tiarna toirneach agus fearthainn an lá sin, agus bhí an pobal go léir lán d'urraim don Tiarna agus do Shamúéil.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 12