Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 11:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. [Timpeall mí ina dhiaidh sin], ghabh Nácháis an tAmónach suas agus chuir léigear ar Iáibéis Gileád. Dúirt muintir Iáibéis go léir le Nácháis: “Déan conradh linn agus beimid faoi do réir.”

2. Ach is é a dúirt Nácháis an tAmónach leo: “Déanfaidh mé conradh libh ar an gcoinníoll seo amháin .i. go mbainfidh mé an tsúil dheas as gach duine agaibh; tabharfaidh mé an tarcaisne sin d'Iosrael go léir.”

3. Dúirt seanóirí Iáibéis leis: “Tabhair cairde seacht lá dúinn i dtreo go gcuirfimid teachtairí ar fud críocha Iosrael, agus mura dtagann aon duine i gcabhair orainn, rachaimid anonn chugaibh.”

4. Nuair a tháinig na teachtairí go Gibeá le Sól agus a d'insíodar an scéala don phobal, chromadarsan ar ghol agus olagón.

5. Bhí Sól ag filleadh ón ngort i ndiaidh a dhamh. Dúirt Sól: “Cad tá orthu? Cén fáth a bhfuil an pobal ag lógóireacht?” D'insíodar dó a raibh ráite ag na fir ó Iáibéis.

6. Luigh an Spiorad Naomh go tréan ar Shól ar chlos na bhfocal sin agus tháinig fraoch feirge air.

7. Rug sé ar sheisreach damh, ghearr ina spólaí iad, agus sheol sé ó cheann ceann Iosrael iad trí lámha teachtairí, á rá: “An té nach máirséalfaidh le Sól agus le Samúéil, sin í an íde a thabharfar ar a dhaimh!” Tháinig sceimhle roimh an Tiarna ar an bpobal ansin agus mháirseáladar go léir amach d'aonbhuíon.

8. Rinne sé iad a iniúchadh ag Beizic; bhí trí chéad míle de chlann Iosrael ann agus tríocha míle fear ó Iúdá.

9. Dúirt siad ansin leis na teachtairí a bhí tagtha: “Abraigí le muintir Iáibéis Gileád: ‘Tiocfar i gcabhair oraibh amárach faoin am a mbeidh teas sa ghrian.’ ” D'imigh na teachtairí agus thugadar an scéala sin go muintir Iáibéis agus chuir sin lúcháir orthu.

10. Dúirt muintir Iáibéis [le Nácháis]: “Rachaimid anonn chugaibh amárach, agus ní miste daoibh bhur rogha rud a dhéanamh linn.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 11