Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Samúéil 1:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Bhí fear áirithe ann ó Rámátaím Zóifím i sléibhte Eafráim. Sé ainm a bhí air Ealcáná mac Iarohám mhic Eilíhiú mhic Thochú mhic Zúf, Eafráimeach.

2. Bhí beirt bhan aige; Hanná a ba ainm do dhuine díobh agus Pinineá a ba ainm do dhuine eile. Bhí clann ar Phinineá, ach ní raibh ar Hanná.

3. Théadh an fear seo suas gach bliain as a chathair féin chun adhradh agus chun íobairt a ofráil do Thiarna na Slua i Sileo. Bhí beirt mhac Éilí, Hofnaí agus Píneachás, mar shagairt leis an Tiarna ansiúd.

4. An lá a dhéanadh Ealcáná íobairt thugadh sé scaireanna do Phinineá a bhean agus dá clann mhac agus iníonacha go léir.

5. Bíodh gurbh ionúin leis Hanná, ní thugadh sé ach scair amháin di, toisc gur dhruid an Tiarna a broinn.

6. A comhleacaí mná, bhíodh sí ag caitheamh achasán léi, ag spochadh aisti, á chasadh léi gur dhruid an Tiarna a broinn.

7. Mar sin a bhí, bliain i ndiaidh na bliana; gach uair dá dtéadh Hanná suas go teach an Tiarna, bhíodh Pinineá ag caitheamh achasán léi. Bhíodh Hanná ag gol dá bharrsan agus ní chaitheadh sí greim bia.

8. Ansin dúirt Ealcáná a fear léi: “A Hanná, cad chuige a bhfuil tú ag gol? Cad chuige nach bhfuil tú ag ithe? Cad chuige go bhfuil tú dubhach? Nach fearr mise agat na deichniúr mac?”

9. Nuair a bhí bia agus deoch caite acu i Sileo, d'éirigh Hanná agus sheas sí os comhair an Tiarna. Bhí Éilí an sagart ina shuí ina chathaoir láimh le hursain theampall an Tiarna.

10. Bhí sí an-bhuartha agus ghuigh sí an Tiarna agus na deora léi go goirt.

11. Thug sí móid á rá: “A Thiarna na Slua! Má thugann tú aird ar bhuaireamh do bhanóglaigh agus cuimhneamh orm, agus gan dearmad a dhéanamh de do bhanóglach, agus leanbh mic a thabhairt do do bhanóglach, tabharfaidh mise é don Tiarna lena shaol uile, agus ní bhainfidh rásúr lena cheann.”

12. Lean sí uirthi ag guí i láthair an Tiarna agus bhí Éilí ag breathnú ar a béal,

13. mar bhí Hanná ag labhairt ina croí agus a beola ag corraí ach gan aon ghlór le cloisteáil. Shíl Éilí dá bhrí sin go raibh sí ar meisce

14. agus dúirt sé léi: “An fada a bheidh tú ar meisce? Cuir uait do chuid fíona.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Samúéil 1