61. ionas go mbeidh a fhios ag ciníocha na cruinne go léir gurb é an Tiarna is Dia ann dáiríre, agus nach bhfuil ann ach é.
62. Go raibh bhur gcroí go hiomlán dá réir sin leis an Tiarna ár nDia, agus go gcoimeáda sibh a dhlíthe agus go gcomhlíona sibh a aitheanta dála an lae inniu.”
63. Ansin d'ofráil an rí agus Iosrael go léir íobairtí i bhfianaise an Tiarna.
64. D'ofráil Solamh dhá mhíle fichead damh agus céad agus fiche míle caora mar íobairtí comaoineach don Tiarna. Mar sin a rinne an rí agus clann Iosrael go léir Teampall an Tiarna a choisreacan.
65. An lá céanna rinne an rí an chúirt mheánach os comhair Theampall an Tiarna a choisreacan; mar d'ofráil sé ansiúd an íobairt uileloiscthe, an abhlann, agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach, mar go raibh an altóir chré-umha a bhí os comhair an Tiarna róbheag chun an íobairt uileloiscthe, an abhlann agus codanna méithe na n‑íobairtí comaoineach a choinneáil.
66. Rinne Solamh an fhéile a cheiliúradh an t‑am sin in éineacht le hIosrael go léir, comhthionól mór ó bhealach Hamát go sileán na hÉigipte, agus sin i láthair an Tiarna ár nDia, ar feadh [seacht lá].