Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 8:4-12 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. agus Both na Teagmhála, mar aon leis na soithí naofa go léir a bhí istigh ann.

5. D'ofráil an rí Solamh agus Iosrael ar fad íobairtí os comhair na háirce, caoirigh agus daimh gan áireamh gan chuimse.

6. D'iompair na sagairt áirc chonradh an Tiarna go dtí a hionad i sanctóir an Teampaill, is é sin san áit shárnaofa, faoi sciatháin na gceiribíní.

7. San áit inar cuireadh an áirc bhí sciatháin na gceiribíní spréite amach mar scáth os cionn na háirce agus a pollaí.

8. Bhí siad sin chomh fada sin gurbh fhéidir a ndeirí a fheiceáil ón áit naofa os comhair an tsanctóra, ach níorbh fhéidir ó lasmuigh.

9. Ní raibh rud ar bith san áirc ach an dá thábla chloiche a chuir Maois inti i Horaeb, táblaí an chonartha a rinne an Tiarna le clann Iosrael nuair a tháinig siad amach as tír na hÉigipte.

10. Tá siad ansin fós go dtí an lá inniu.

11. Nuair a tháinig na sagairt amach as an sanctóir, líonadh Teampall an Tiarna leis an néal.

12. De bharr an néil níor fhéad na sagairt leanúint níos faide dá ndualgais freastail; bhí Teampall an Tiarna líonta de ghlóir an Tiarna.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 8