Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 8:31-40 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. Agus éist le hachainí do shearbhónta agus do phobail Iosrael nuair a ghuífidh siad i dtreo na háite seo. Sea éist i d'áras ar neamh, agus nuair a chloisfidh tú, tabhair maithiúnas!

32. “Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan, agus go nglaonn an chomharsa mallacht [sa mhullach air], agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d'altóra sa Teampall seo,

33. éistse sna flaithis agus déan beart, agus tabhair breith idir do shearbhóntaí; daor an ciontach agus tabhair a iompar sa mhullach air féin; cosain an fíréan agus tabhair luach saothair dó de réir a fhíréantachta.

34. Nuair a bhéarfaidh an namhaid an bua ar do phobal Iosrael mar gur pheacaigh siad i d'aghaidh, má iompaíonn siad ar ais chugat, agus d'ainm a mholadh, agus idirghuí agus impí a dhéanamh chugat, sa teach seo,

35. tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith a bpeaca do do phobal Iosrael, agus tabhair ar ais iad chun na tíre a thug tú dá sinsir.

36. Nuair a dhúnfar na spéartha agus nach mbeidh aon bháisteach mar gur pheacaíodar i d'aghaidh, má dhéanann siad guí i dtreo na háite seo, agus d'ainm a mholadh, agus [go n‑umhlaíonn] tú iad agus go ndéanann siad aithrí ina bpeaca,

37. tabhair cluas dóibh ó na flaithis agus maith peaca do shearbhóntaí agus do phobail Iosrael; múin dóibh cosán na fíréantachta atá le leanúint acu, agus fear fearthainn ar do thír, an tír a thug tú do do phobal mar oidhreacht.

38. “Má bhíonn gorta sa tír, nó plá nó aicíd, nó coincleacha, nó lócaiste, nó cruimh; má chuireann namhaid an phobail seo léigear [ar gheata] dá gcathair; má bhíonn fiabhras nó galar;

39. má thagann doilíos croí ar aon duine (nó ar phobal Iosrael go léir) agus go ndéanann sé impí nó achainí, agus go síneann sé a lámha amach i dtreo an Teampaill seo,

40. tabhair cluas ó na flaithis mar a bhfuil d'áitreabh; tabhair maithiúnas agus déan beart; cúitigh le cách de réir a iompair go léir - mar is duit amháin is eol croí gach duine de shíol fir -

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 8