Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 8:16-32 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

16. Dúirt sé: “Moladh leis an Tiarna, Dia Iosrael, a chuir i ngníomh ó láimh gach ar gheall sé ó bhéal do Dháiví m'athair nuair a dúirt sé:

17. Ón lá a thug mé mo phobal Iosrael amach as an Éigipt, níor roghnaigh mé aon chathair, in aon treibh de chuid Iosrael go léir, le teach a thógáil inti le go lonnódh m'ainm ann, ach roghnaigh mé Dáiví le mo phobal Iosrael a rialú.”

18. Ba é mian croí m'athar Dáiví teach a thógáil d'ainm an Tiarna, Dia Iosrael.

19. Ach dúirt an Tiarna: ‘Is é mian do chroí teach a thógáil do m'ainm, agus is maith uait sin a bheith i do chroí:

20. ach mar sin féin ní tú an té a thógfaidh an teach; sé do mhac, an té a ghinfear ó d'fheoil féin, a thógfaidh an teach do m'ainm.’

21. Chomhlíon an Tiarna an gealltanas a thug sé; tháinig mise i gcomharbacht ar m'athair Dáiví agus táim i mo shuí i ríchathaoir Iosrael, faoi mar a gheall an Tiarna; tá an teach tógtha agam d'ainm an Tiarna, Dia Iosrael,

22. agus tá ionad déanta agam ann don áirc ina bhfuil an conradh a rinne an Tiarna lenár sinsir nuair a thug sé amach as tír na hÉigipte iad.”

23. Ansin, i láthair chomhthionól Iosrael go léir, sheas Solamh os comhair altóir an Tiarna, agus shín sé a lámha amach i dtreo na bhflaitheas

24. agus dúirt: “A Thiarna, Dia Iosrael, níl aon Dia cosúil leatsa ar neamh thuas, ná ar talamh thíos; tá tú dílis do do chonradh agus buanghrách le do shearbhóntaí nuair a chloíonn siad le do bhealaí le hiomlán a gcroí.

25. Chomhlíon tú an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m'athair; gach ar gheall tú ó bhéal, chuir tú i ngníomh ó láimh inniu.

26. Agus anois, a Thiarna, Dia Iosrael, coinnigh an gealltanas a thug tú do do shearbhónta Dáiví, m'athair, á rá: ‘Ní bheidh tú choíche gan fear le suí os mo chomhair ar ríchathaoir Iosrael, ar choinníoll go dtabharfaidh do chlann mhac aire dá n‑iompar agus siúl os mo chomhair mar a rinne tusa féin.’

27. Daingnigh más ea anois, a Dhia Iosrael, na focail a labhair tú le do shearbhónta, Dáiví, m'athair.

28. Ach an ndéanfaidh Dia cónaí dáiríre [i measc an chine dhaonna] ar talamh? Féach! ní féidir leis na flaithis féin ná lena bhflaithis siúd arís thú a choinneáil. Nach lúide mar sin is féidir leis an teach seo atá tógtha agamsa?

29. Ach éist le hurnaí agus le himpí do shearbhónta, a Thiarna mo Dhia; tabhair cluas don ghlaoch agus don ghuí a chuireann do shearbhónta suas chugat inniu.

30. De lá agus d'oíche bíodh do shúile ag tabhairt aire don teach seo, an áit seo faoina ndúirt tú féin: ‘Is ansin a bheidh m'ainm.’ Éist leis an nguí a ofrálfaidh do shearbhónta i dtreo na háite seo.

31. Agus éist le hachainí do shearbhónta agus do phobail Iosrael nuair a ghuífidh siad i dtreo na háite seo. Sea éist i d'áras ar neamh, agus nuair a chloisfidh tú, tabhair maithiúnas!

32. “Má pheacaíonn duine in aghaidh a chomharsan, agus go nglaonn an chomharsa mallacht [sa mhullach air], agus go gcuireann sé iallach air mionn a thabhairt os comhair d'altóra sa Teampall seo,

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 8