Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 7:1-10 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Maidir lena phálás féin, bhí Solamh trí bliana déag á thógáil nó go raibh críoch curtha aige ar a rítheach go léir.

2. Thóg sé Áras Chrainn Fhoraois na Liobáine; bhí sé céad banlámh ar fhad, leathchéad banlámh ar leithead, tríocha banlámh ar airde, agus é tógtha ar thrí shraith colún d'adhmad céadair le mullaí céadair ar na colúin.

3. Bhí cumhdach d'adhmad céadair ar an gcuid uachtarach de chomh fada leis na cláir lastuas de na colúin (cúig cinn agus daichead díobh ar fad, cúig cinn déag i ngach sraith).

4. Bhí trí shraith de fhardoirse, cúig cinn agus daichead díobh ar fad, cúig cinn déag i ngach sraith sé sin ar aghaidh a chéile ar thrí thaobh.

5. Bhí na doirse agus na hursaineacha de dhéanamh dronuilleannach ar aghaidh a chéile ar thrí thaobh.

6. Rinne sé Halla na gColún, leathchéad banlámh ar fhad agus tríocha banlámh ar leithead... agus póirse os a chomhair amach.

7. Rinne sé chomh maith Halla na Ríchathaoireach mar a dtugadh sé breith, Halla na Breithe sé sin; bhí painéal d'adhmad céadair air ó urlár go fraitheacha.

8. Ba den déantús céanna a theach, a áras cónaithe féin sa chúirt eile isteach ón Halla. Rinne Solamh chomh maith teach ar aon dul leis an Halla seo d'iníon Fhorainn a bhí aige mar bhean.

9. Bhí na foirgnimh seo go léir de chlocha luachmhara a snaíodh de réir tomhais agus a gearradh le sábha ar a n‑aghaidh agus ar a gcúl, agus sin ó bhonn go bunlach (agus lasmuigh chomh fada leis an gcúirt mhór).

10. Bhí a máithreacha de chlocha luachmhara, clocha móra, clocha a thomhais ocht mbanlámh nó deich.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 7