Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 6:7-23 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. (Tógadh an Teampall de chlocha a gearradh sa choiréal i dtreo nach raibh fuaim casúir ná tua ná uirlis iarainn le clos sa Teampall fad bhí sé á thógáil.)

8. Bhí an doras chun an stóir íochtaraigh ag cúinne deas an Teampaill, agus bhí staighre suas chun an stór láir agus ón stór láir arís go dtí an tríú stór.

9. Thóg sé an Teampall, chríochnaigh é, agus chuir díon air le fraitheacha agus cláracha d'adhmad céadair.

10. Chuir sé an bhreis ar feadh fhad an Teampaill go léir, bhí [gach stór] cúig bhanlámh ar airde agus bhí siad greamaithe den Teampall le bíomaí céadair.

11. Tháinig briathar an Tiarna chun Solaimh:

12. “An teach seo atá á thógáil agat... má leanann tú mo dhlíthe agus má ghéilleann tú do mo reachtanna agus má chomhlíonann tú m'aitheanta go léir agus déanamh dá réir, déanfaidh mé an gealltanas a thug mé do d'athair Dáiví i do thaobh a chomhlíonadh.

13. Agus déanfaidh mé cónaí i measc chlann Iosrael agus ní thréigfidh mé Iosrael mo phobal.”

14. Thóg Solamh an Teampall agus chríochnaigh é amhlaidh sin.

15. Chuir sé líneáil d'adhmad céadair laistigh le ballaí an Teampaill, á gclúdach le hadhmad laistigh ó urlár an Teampaill go dtí fraitheacha an dín, agus leag sé cláir chufróige ar urlár an Teampaill.

16. An fiche banlámh tomhaiste ó dheireadh an Teampaill, thóg sé iad de chláir chéadair ó urlár go fraitheacha, agus thóg sé iadsan ar leithligh mar shanctóir, an t‑ionad sárnaofa.

17. Bhí daichead banlámh i dtomhas an Teampaill - an halla, os comhair an tsanctóra laistigh.

18. Bhí adhmad céadrais timpeall an Teampaill laistigh agus é greanta le hornáidí cnapán agus cnotaí, gan cloch le feiceáil ach adhmad céadrais ar fad.

19. Sa chuid is faide isteach den Teampall d'ullmhaigh sé an sanctóir istigh le áirc chonradh an Tiarna a chur ann.

20. Bhí an sanctóir istigh fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead agus fiche banlámh ar airde, agus chuir sé cumhdach d'ór fíre air. Rinne sé altóir chomh maith d'adhmad céadair.

21. Rinne Solamh an Teampall a chumhdach laistigh le hór fíre, agus chuir sé slabhraí óir trasna os comhair an tsanctóra agus rinneadar é a chumhdach le hór.

22. Rinne sé an Teampall go léir a chumhdach le hór, an Teampall go léir bun barr (agus chumhdaigh sé altóir an tsanctóra istigh go léir le hór).

23. Rinne sé dhá cheiribín d'adhmad olóige sa sanctóir. Bhí an chéad cheiribín deich mbanlámh ar airde.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 6