Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 6:2-13 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

2. An Teampall a thóg Solamh don Tiarna, bhí sé trí fichid banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead, agus cúig bhanlámh fichead ar airde.

3. Bhí an póirse os comhair halla an Teampaill fiche banlámh ar fhad ar feadh leithead an Teampaill agus deich mbanlámh ar leithead ar feadh fhad an Teampaill.

4. Rinne sé fuinneoga don Teampall le frámaí agus [cliatha].

5. Thóg sé breis le taobh bhalla an Teampaill (timpeall bhallaí an Teampaill), timpeall an halla agus an tsanctóra istigh, agus rinne sé seomraí cliathánacha timpeall ar fad.

6. Bhí an stór íochtarach cúig bhanlámh ar leithead, an ceann láir sé bhanlámh, agus an tríú ceann seacht mbanlámh, mar bhí taobhrianta curtha leis an Teampall lasmuigh aige i dtreo nach mbeadh na cearchaillí i ngreim i mballaí an Teampaill.

7. (Tógadh an Teampall de chlocha a gearradh sa choiréal i dtreo nach raibh fuaim casúir ná tua ná uirlis iarainn le clos sa Teampall fad bhí sé á thógáil.)

8. Bhí an doras chun an stóir íochtaraigh ag cúinne deas an Teampaill, agus bhí staighre suas chun an stór láir agus ón stór láir arís go dtí an tríú stór.

9. Thóg sé an Teampall, chríochnaigh é, agus chuir díon air le fraitheacha agus cláracha d'adhmad céadair.

10. Chuir sé an bhreis ar feadh fhad an Teampaill go léir, bhí [gach stór] cúig bhanlámh ar airde agus bhí siad greamaithe den Teampall le bíomaí céadair.

11. Tháinig briathar an Tiarna chun Solaimh:

12. “An teach seo atá á thógáil agat... má leanann tú mo dhlíthe agus má ghéilleann tú do mo reachtanna agus má chomhlíonann tú m'aitheanta go léir agus déanamh dá réir, déanfaidh mé an gealltanas a thug mé do d'athair Dáiví i do thaobh a chomhlíonadh.

13. Agus déanfaidh mé cónaí i measc chlann Iosrael agus ní thréigfidh mé Iosrael mo phobal.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 6