Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 6:18-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

18. Bhí adhmad céadrais timpeall an Teampaill laistigh agus é greanta le hornáidí cnapán agus cnotaí, gan cloch le feiceáil ach adhmad céadrais ar fad.

19. Sa chuid is faide isteach den Teampall d'ullmhaigh sé an sanctóir istigh le áirc chonradh an Tiarna a chur ann.

20. Bhí an sanctóir istigh fiche banlámh ar fhad, fiche banlámh ar leithead agus fiche banlámh ar airde, agus chuir sé cumhdach d'ór fíre air. Rinne sé altóir chomh maith d'adhmad céadair.

21. Rinne Solamh an Teampall a chumhdach laistigh le hór fíre, agus chuir sé slabhraí óir trasna os comhair an tsanctóra agus rinneadar é a chumhdach le hór.

22. Rinne sé an Teampall go léir a chumhdach le hór, an Teampall go léir bun barr (agus chumhdaigh sé altóir an tsanctóra istigh go léir le hór).

23. Rinne sé dhá cheiribín d'adhmad olóige sa sanctóir. Bhí an chéad cheiribín deich mbanlámh ar airde.

24. Bhí sciathán den cheiribín cúig bhanlámh ar fhad, agus an sciathán eile den cheiribín cúig bhanlámh ar fhad; bhí sé deich mbanlámh ó rinn sciatháin go dtí rinn sciatháin eile.

25. Bhí deich mbanlámh chomh maith i dtomhas an cheiribín eile; bhí an tomhas céanna, agus an déanamh céanna, acu araon.

26. Deich mbanlámh airde ceiribín díobh, agus ba mhar a chéile é ag an gceann eile.

27. Chuir sé na ceiribíní i lár an tseomra inmheánaigh; bhí a sciatháin ar leathadh ionas gur bhain sciathán cinn acu le balla, agus gur bhain sciathán cinn eile leis an mballa eile; agus gur theagmhaigh an dá sciathan eile lena chéile i lár an tseomra.

28. Chuir sé cumhdach óir ar na ceiribíní.

29. Rinne sé ballaí an teampaill go léir sa seomra istigh agus amuigh a bhreacadh le híomhánna greanta de cheiribíní, de chrainn phailme, agus de chnotaí;

30. agus rinne sé urlár an Teampaill a chumhdach le hór sa seomra istigh agus amuigh.

31. Don bhealach isteach sa sanctóir rinne sé doirse d'adhmad olóige, le [hursaineacha cúigshleasacha],

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 6