Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 5:15-22 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

15. Chuir Híorám rí na Tuíre toscaireacht ag triall ar Sholamh nuair a chuala sé gur ungadh é ina rí i gcomharbacht ar a athair mar ba chara riamh é Híorám do Dháiví.

16. Agus sheol Solamh an teachtaireacht seo go dtí Híorám:

17. “Tá a fhios agat nach raibh ar chumas Dháiví m'athair teach a thógáil d'ainm an Tiarna a Dhia, mar go raibh cogadh á chur ag a naimhde air ó gach taobh nó gur bhrúigh an Tiarna faoina chois iad.

18. Ach tá suaimhneas tugtha dom ag an Tiarna mo Dhia ar gach taobh, gan namhaid agam ná tubaiste.

19. Tá sé beartaithe agam dá bhrí sin teach a thógáil d'ainm an Tiarna mo Dhia, faoi mar a dúirt an Tiarna le Dáiví m'athair - ‘Do mhac, an té a chuirfidh mé ina shuí i do ríchathaoir i d'áit, eisean a thógfaidh an teach do m'ainm.’

20. Cuir céadair na Liobáine á ngearradh dom; déanfaidh mo shearbhóntaíse comhar le do shearbhóntaíse, agus díolfaidh mise tuarastal do shearbhóntaíse leat de réir cibé ráta a shocróidh tusa. Níl aon duine againne chomh hoilte ar leagan crann agus atá na Síodónaigh, mar is eol duit.”

21. Nuair a chuala Híorám a raibh ráite ag Solamh, bhí gliondar air, agus dúirt: “Moladh leis an Tiarna inniu,” ar sé, “a thug mac eagnaí do Dháiví le bheith i gceannas ar an gcine mór seo.”

22. Agus chuir Híorám scéala go dtí Solamh: “Fuair mé do theachtaireacht; táimse sásta a bhfuil uait de chrainn chéadair agus cufróige a sholáthar.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 5