Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 5:1-14 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Leath Solamh a chumhacht thar na ríochtaí go léir ón Abhainn go tír na bhFilistíneach agus go teorainn na hÉigipte. Thug siad cíos chuig Solamh agus rinne siad seirbhís dó gach lá dá shaol.

2. Ba é seo lón lae Sholaimh: tríocha tomhas plúir mhín agus trí fichid mine;

3. deich ndamh biata, fiche damh féaraigh, céad caora chomh maith le fianna agus eilití agus ruabhoic, agus cuacha biata.

4. Óir bhí sé i gceannas ar an dúiche go léir laistiar den Eofrataes, ar na ríthe go léir laistiar den Eofrataes, ó Thifseá go Gazá, agus bhí síocháin aige ar gach teorainn máguaird.

5. Agus mhair Iúdá agus Iosrael gan bhaol ó Dhán go Béar Seaba, gach duine faoi scáth a fhíniúna agus a chrann figí, fad a mhair Solamh.

6. Bhí [ceithre] mhíle mainséar agus dhá mhíle dhéag capall ag Solamh dá charbaid.

7. Rinne na reachtairí sin bia a sholáthar do Sholamh agus dóibh siúd go léir dár thug sé cuireadh go bord an rí Solamh, gach reachtaire ar feadh míosa; rinneadar deimhin de nach mbeadh aon ní in easnamh.

8. Rinneadar freisin an eorna agus an easair a sholáthar don eachra agus do na capaill iompair san áit inar ghá sin, gach duine díobh ar a sheal.

9. Thug an Tiarna eagna agus tuiscint thar chuimse do Sholamh agus croí chomh fairsing le gaineamh na trá.

10. Sháraigh eagna Sholaimh eagna mhuintir an Oirthir go léir agus eagna na hÉigipte.

11. Ba eagnaí é ná aon duine eile, ba eagnaí é ná Éatán an tEazráchach, agus ná Héamán ná Calcol ná Darda, clann mhac Mháchól. Leath a cháil i measc na gciníocha go léir máguaird.

12. Chum sé trí mhíle seanfhocal, agus ba mhíle agus a cúig líon a dhuanta.

13. Thrácht sé thar chrainn ón gcéadar sa Liobáin go dtí an íosóip a fhásann ar an mballa; thrácht sé thar ainmhithe agus thar éin, thar phéisteanna agus thar iasc.

14. Tháinig daoine ó gach cine chun éisteacht le heagna Sholaimh, agus ó ríthe uile an domhain a chuala faoina eagna.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 5