Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 21:6-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

6. Dúirt sé: “Bhí mé ag caint le Nábót ó Izréil. Arsa mise leis: ‘Tabhair dom d'fhíonghort ar airgead, nó, más fearr leat é, tabharfaidh mé fíonghort eile duit mar mhalairt air.’ Ach dúirt seisean: ‘Ní thabharfaidh mé m'fhíonghort duit.’ ”

7. Ansin dúirt Ízeibil a bhean: “Is breá an rí ar Iosrael thusa, gan amhras! Éirigh agus ith leat; bíodh misneach ort; gheobhaidh mise féin fíonghort Nábót ó Izréil duit.”

8. Scríobh sí litreacha in ainm Acháb, más ea, agus chuir sí a shéala orthu agus chuir sí iad chuig na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí san aon chathair le Nábót.

9. Scríobh sí sna litreacha: “Fógraigí troscadh agus cuirigí Nábót chun tosaigh ar an bpobal.

10. Cuirigí cúpla scraiste os a choinne a dhéanfaidh é a chúiseamh mar seo: ‘Mhallaigh tú Dia agus an rí.’ Tugaigí amach ansin é agus maraigí le clocha é.”

11. Rinne muintir a chathrach, na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí ina chathair, an rud a d'ordaigh Ízeibil dóibh, mar a bhí scríofa sna litreacha a sheol sí chucu.

12. D'fhógair siad troscadh agus chuir siad Nábót chun tosaigh ar an bpobal.

13. Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: “Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.” Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é.

14. Ansin chuireadar teachtaireacht chuig Ízeibil: “Maraíodh Nábót le clocha!”

15. Nuair a chuala Ízeibil gur maraíodh Nábót le clocha, dúirt sí le hAcháb: “Éirigh! Glac seilbh ar an bhfíonghort nach dtabharfadh Nábót ó Izréil duit ar airgead mar ní beo do Nábót feasta ach marbh!”

16. Nuair a chuala Acháb go raibh Nábót marbh, d'éirigh sé le dul síos chuig fíonghort Nábot ó Izréil le seilbh a ghlacadh air.

17. Tháinig briathar an Tiarna chuig Éilias an Tisbíoch:

18. “Éirigh agus imigh leat síos go gcasfar Acháb rí Iosrael ort sa tSamáir. Tiocfaidh tú air i bhfíonghort Nábót; tá sé imithe síos le seilbh a ghlacadh air.

19. Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna:Rinne tú dúnmharú; de bhreis air sin tá forlámhas á dhéanamh agat anois. [Ar an ábhar sin] - agus is é an Tiarna a deir é - san áit inar ligh na madraí fuil Nábót, lífidh siad do chuid folasa chomh maith.’ ”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 21