Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 21:23-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

23. (Lena chois sin labhair an Tiarna na focail seo in aghaidh Ízeibil: ‘Íosfaidh na madraí Ízeibil i gcríocha Izréil.’)

24. An chuid sin de chlann Acháb a gheobhaidh bás sa chathair, íosfaidh na madraí iad, agus an chuid a gheobhaidh bás faoin tuath, íosfaidh éanlaith an aeir iad.”

25. Ní raibh macasamhail Acháb riamh ann, ar ndóigh, le hé féin a reic chun an t‑olc i súile an Tiarna a dhéanamh, agus é á spreagadh ag Ízeibil a bhean chéile.

26. D'iompair sé é féin ar bhealach gráiniúil agus lean sé íola, faoi mar a dhéanadh na hAmóraigh a dhíbir an Tiarna roimh chlann Iosrael.

27. Nuair a chuala Acháb na focail sin, stróic sé a chuid éadaigh agus chuir sacéadach lena chneas agus rinne sé troscadh; chodlaíodh sé sa sacéadach agus shiúladh sé de choiscéim mhall.

28. Ansin tháinig briathar an Tiarna go hÉilias an Tisbíoch:

29. “Ar thug tú faoi deara mar atá Acháb tar éis é féin a umhlú os mo chomhair? De bhrí gur umhlaigh sé é féin os mo chomhair, ní thabharfaidh mé an tubaiste anuas ina laethanta féin; tabharfaidh mé anuas ar a theaghlach é i laethanta a mhic.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 21