13. Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: “Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.” Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é.
14. Ansin chuireadar teachtaireacht chuig Ízeibil: “Maraíodh Nábót le clocha!”
15. Nuair a chuala Ízeibil gur maraíodh Nábót le clocha, dúirt sí le hAcháb: “Éirigh! Glac seilbh ar an bhfíonghort nach dtabharfadh Nábót ó Izréil duit ar airgead mar ní beo do Nábót feasta ach marbh!”
16. Nuair a chuala Acháb go raibh Nábót marbh, d'éirigh sé le dul síos chuig fíonghort Nábot ó Izréil le seilbh a ghlacadh air.
17. Tháinig briathar an Tiarna chuig Éilias an Tisbíoch:
18. “Éirigh agus imigh leat síos go gcasfar Acháb rí Iosrael ort sa tSamáir. Tiocfaidh tú air i bhfíonghort Nábót; tá sé imithe síos le seilbh a ghlacadh air.
19. Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna:Rinne tú dúnmharú; de bhreis air sin tá forlámhas á dhéanamh agat anois. [Ar an ábhar sin] - agus is é an Tiarna a deir é - san áit inar ligh na madraí fuil Nábót, lífidh siad do chuid folasa chomh maith.’ ”
20. Dúirt Acháb le hÉilias: “Tá beirthe amuigh agat orm mar sin, a namhaid.” D'fhreagair Éilias: “Sea, tá beirthe agam ort, toisc gur reic tú thú féin, leis an olc i súile an Tiarna a dhéanamh.
21. Féach! tabharfaidh mé an t‑olc sa mhullach ort, agus déanfaidh mé scrios iomlán ort. Gearrfaidh mé gach mac máthar dá shliocht daor nó saor chun siúil ó Acháb.
22. Tabharfaidh mé an íde chéanna ar do theaghlach agus a thug mé ar theaghlach Iarobám mac Nabát, agus ar theaghlach Bháiseá mac Aichíá, de bhrí gur chuir tú fearg orm agus gur sheol tú Iosrael ar bhóthar an pheaca.