Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 21:11-20 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Rinne muintir a chathrach, na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí ina chathair, an rud a d'ordaigh Ízeibil dóibh, mar a bhí scríofa sna litreacha a sheol sí chucu.

12. D'fhógair siad troscadh agus chuir siad Nábót chun tosaigh ar an bpobal.

13. Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: “Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.” Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é.

14. Ansin chuireadar teachtaireacht chuig Ízeibil: “Maraíodh Nábót le clocha!”

15. Nuair a chuala Ízeibil gur maraíodh Nábót le clocha, dúirt sí le hAcháb: “Éirigh! Glac seilbh ar an bhfíonghort nach dtabharfadh Nábót ó Izréil duit ar airgead mar ní beo do Nábót feasta ach marbh!”

16. Nuair a chuala Acháb go raibh Nábót marbh, d'éirigh sé le dul síos chuig fíonghort Nábot ó Izréil le seilbh a ghlacadh air.

17. Tháinig briathar an Tiarna chuig Éilias an Tisbíoch:

18. “Éirigh agus imigh leat síos go gcasfar Acháb rí Iosrael ort sa tSamáir. Tiocfaidh tú air i bhfíonghort Nábót; tá sé imithe síos le seilbh a ghlacadh air.

19. Abair leis: ‘Seo mar a deir an Tiarna:Rinne tú dúnmharú; de bhreis air sin tá forlámhas á dhéanamh agat anois. [Ar an ábhar sin] - agus is é an Tiarna a deir é - san áit inar ligh na madraí fuil Nábót, lífidh siad do chuid folasa chomh maith.’ ”

20. Dúirt Acháb le hÉilias: “Tá beirthe amuigh agat orm mar sin, a namhaid.” D'fhreagair Éilias: “Sea, tá beirthe agam ort, toisc gur reic tú thú féin, leis an olc i súile an Tiarna a dhéanamh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 21