Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 21:1-17 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Seo mar a bhí ina dhiaidh sin: Bhí fíonghort ag Nábót ó Izréil láimh le pálás Acháb rí na Samáire.

2. Dúirt Acháb le Nábót: “Tabhair dom d'fhíonghort chun go mbeadh sé agam mar luibhghort, mar tá sé cóngarach do mo theach. Tabharfaidh mé fíonghort níos fearr duit air, nó, más fearr leat é, tabharfaidh mé a luach duit in airgead.”

3. Ach d'fhreagair Nábót Acháb: “Nár lige an Tiarna go dtabharfainn oidhreacht mo shinsear duit!”

4. Chuaigh Acháb abhaile agus gruaim agus crá air mar gheall ar fhocail Nábót ó Izréil: “Ní thabharfaidh mé oidhreacht mo shinsear duit.” Luigh sé ar a leaba agus d'iompaigh a aghaidh ó radharc agus dhiúltaigh sé bia a ithe.

5. Tháinig Ízeibil a bhean chéile chuige. “Cén fáth a bhfuil oiread drochmhisnigh ort agus nach n‑íosfá?” ar sise.

6. Dúirt sé: “Bhí mé ag caint le Nábót ó Izréil. Arsa mise leis: ‘Tabhair dom d'fhíonghort ar airgead, nó, más fearr leat é, tabharfaidh mé fíonghort eile duit mar mhalairt air.’ Ach dúirt seisean: ‘Ní thabharfaidh mé m'fhíonghort duit.’ ”

7. Ansin dúirt Ízeibil a bhean: “Is breá an rí ar Iosrael thusa, gan amhras! Éirigh agus ith leat; bíodh misneach ort; gheobhaidh mise féin fíonghort Nábót ó Izréil duit.”

8. Scríobh sí litreacha in ainm Acháb, más ea, agus chuir sí a shéala orthu agus chuir sí iad chuig na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí san aon chathair le Nábót.

9. Scríobh sí sna litreacha: “Fógraigí troscadh agus cuirigí Nábót chun tosaigh ar an bpobal.

10. Cuirigí cúpla scraiste os a choinne a dhéanfaidh é a chúiseamh mar seo: ‘Mhallaigh tú Dia agus an rí.’ Tugaigí amach ansin é agus maraigí le clocha é.”

11. Rinne muintir a chathrach, na seanóirí agus na huaisle a bhí ina gcónaí ina chathair, an rud a d'ordaigh Ízeibil dóibh, mar a bhí scríofa sna litreacha a sheol sí chucu.

12. D'fhógair siad troscadh agus chuir siad Nábót chun tosaigh ar an bpobal.

13. Ansin tháinig an dá scraiste, shuigh siad os a chomhair agus rinne siad cúiseamh ina aghaidh os comhair an phobail á rá: “Chuir Nábót a mhallacht ar Dhia agus ar an rí.” Thug siad amach as an gcathair é agus mharaigh le clocha é.

14. Ansin chuireadar teachtaireacht chuig Ízeibil: “Maraíodh Nábót le clocha!”

15. Nuair a chuala Ízeibil gur maraíodh Nábót le clocha, dúirt sí le hAcháb: “Éirigh! Glac seilbh ar an bhfíonghort nach dtabharfadh Nábót ó Izréil duit ar airgead mar ní beo do Nábót feasta ach marbh!”

16. Nuair a chuala Acháb go raibh Nábót marbh, d'éirigh sé le dul síos chuig fíonghort Nábot ó Izréil le seilbh a ghlacadh air.

17. Tháinig briathar an Tiarna chuig Éilias an Tisbíoch:

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 21