Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 20:29-41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

29. Agus bhíodar suite i gcampa ar aghaidh a chéile ar feadh seacht lá. Ar an seachtú lá fearadh an cath agus rinne clann Iosrael ár ar na hArámaigh, céad míle troitheach san aon lá amháin.

30. Theith an chuid eile isteach i gcathair Afaec, ach thit na ballaí anuas ar an bhfiche seacht míle a bhí fágtha.Theith Bein Hadad freisin agus fuair dídean i seomra cúil sa chathair.

31. “Féach!” arsa a shearbhóntaí leis, “chualamar gur ríthe trócaireacha iad ríthe theaghlach Iosrael. Cuirimis sacéadach faoinar gcoim agus téada ar ár gceann agus téimis amach go rí Iosrael; b'fhéidir go ndéanfadh sé anacal anama ort.”

32. Chuireadar sacéadach faoina gcoim dá bhrí sin, agus téada ar a gceann agus chuadar amach go rí Iosrael agus dúradar: “Deir do shearbhónta Bein Hadad: ‘Déan anacal anama orm.’ ” “An beo dó fós más ea?” ar sé, “is é mo bhráthair é.”

33. Bhí na daoine ag tnúth le tuar agus thógadar suas go tapa uaidh é agus dúradar: “Sea, bráthair duit Bein Hadad.” Dúirt Acháb: “Imígí agus tugaigí anseo é.” Ansin tháinig Bein Hadad amach chuige agus chuir Acháb faoi deara dó teacht aníos isteach ina charbad.

34. Dúirt Bein Hadad: “Tabharfaidh mé ar ais na cathracha a thóg m'athairse ó d'athairse, agus bíodh cead agat margaí a chur suas duit féin sa Damaisc mar a rinne m'athair sa tSamáir.” Dúirt Acháb: “Scaoilfidh mé leat ar na coiníollacha sin,” agus rinne sé conradh leis agus scaoil saor é.

35. Ar ordú an Tiarna dúirt duine de bhráithreas na bhfáithe le compánach dá chuid: “Buail mé!” ach dhiúltaigh an fear é a bhualadh.

36. Dúirt sé leis ansin: “De bhrí nár ghéill tú d'ordú an Tiarna, a luaithe a fhágfaidh tú mé maróidh leon thú.” A luaithe a d'imigh sé uaidh, bhuail leon leis agus mharaigh sé é.

37. D'imigh an fáidh leis agus fuair duine eile agus dúirt leis: “Buail mé,” agus bhuail an fear é agus ghoin agus chréacht é.

38. D'imigh an fáidh ansin agus sheas ar an mbóthar ag feitheamh leis an rí, é i mbréagriocht agus cafairrín ar a shúile.

39. Nuair a bhí an rí ag gabháil thar bráid ghlaoigh sé chuige á rá: “Bhí do shearbhónta ag triall ar lár an chatha agus, féach!, d'iompaigh saighdiúir agus thug fear chugam agus dúirt: ‘Fair an fear seo. Má éalaíonn sé ar aon tslí, díolfaidh tú as le d'anam féin, nó díolfaidh tú tallann airgid.’

40. Ach fad bhí do shearbhónta gafa le cúram agus cúram eile, d'éalaigh an fear leis.” Dúirt rí Iosrael: “Sin í an bhreith ort, más ea. Tú féin a thug í.”

41. Ansin shrac an fear an cafairrín gan mhoill dá shúile agus d'aithin rí Iosrael é mar dhuine de na fáithe.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 20