Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 20:17-31 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

17. Ghabh óglaigh uachtaráin na gcúigí amach ar dtús. Chuir Bein Hadad [lucht braite] amach agus thugadar scéala dó: “Tá fir tagtha amach ón tSamáir.”

18. Dúirt sé: “Más ar thóir síochána a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad; nó más chun cogaidh a tháinig siad amach, gabhaigí ina mbeatha iad chomh maith.”

19. Rinneadar ruathar ón gcathair amach dá bhrí sin, óglaigh uachtaráin na gcúigí agus an t‑arm ina ndiaidh,

20. agus threascair gach fear a chéile comhraic. Theith Arám agus lean Iosrael iad. D'éalaigh Bein Hadad ar each le marcshlua.

21. Ansin ghabh rí Iosrael amach agus ghabh idir eachra agus charbaid agus rinne ár is eirleach ar Arám.

22. Ansin chuaigh an fáidh suas go rí Iosrael agus dúirt leis: “Tar, bíodh misneach agat, agus meáigh go maith cad tá le déanamh agat, mar tiocfaidh rí Arám aníos i do choinne arís san earrach.”

23. Dúirt searbhóntaí rí Arám leis: “Déithe sléibhte a ndéithe; sin é an fáth gur thréine iad ná sinne; cuirimis cath orthu sna hísleáin, agus is cinnte go mbuafaimid orthu.

24. Ní mór duit déanamh mar seo: na ríthe go léir a chur óna gceannasaíocht agus ceannairí a chur ina n‑áit;

25. agus cruinnigh arm mar é siúd a chaill tú lena chomhlíon d'eachra agus de charbaid. Ansin troidfimid ina gcoinne sna hísleáin agus buafaimid orthu go cinnte.” Thug sé cluas dóibh agus rinne de réir a gcomhairle.

26. San earrach chruinnigh Bein Hadad na hArámaigh agus ghabh suas go hAfaec chun troid in aghaidh Iosrael.

27. Bhí clann Iosrael chomh maith cruinnithe agus lón acu agus ghabhadar amach ina gcoinne. Shuigh clann Iosrael a gcampa os a gcomhair agus iad mar a bheadh dhá thréad bheaga gabhar ann, ach an dúiche go léir ar snámh le hArámaigh.

28. Tháinig giolla Dé i láthair agus dúirt le rí Iosrael: “Mar seo a deir an Tiarna: ‘De bhrí go ndúirt Arám gur dia sléibhte é an Tiarna, agus nach dia ísleán, tabharfaidh mé an slua mór seo go léir i do láimh agus beidh a fhios [agat] gur mise an Tiarna.’ ”

29. Agus bhíodar suite i gcampa ar aghaidh a chéile ar feadh seacht lá. Ar an seachtú lá fearadh an cath agus rinne clann Iosrael ár ar na hArámaigh, céad míle troitheach san aon lá amháin.

30. Theith an chuid eile isteach i gcathair Afaec, ach thit na ballaí anuas ar an bhfiche seacht míle a bhí fágtha.Theith Bein Hadad freisin agus fuair dídean i seomra cúil sa chathair.

31. “Féach!” arsa a shearbhóntaí leis, “chualamar gur ríthe trócaireacha iad ríthe theaghlach Iosrael. Cuirimis sacéadach faoinar gcoim agus téada ar ár gceann agus téimis amach go rí Iosrael; b'fhéidir go ndéanfadh sé anacal anama ort.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 20