Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 2:35-46 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

35. Cheap an rí Banáiá mac Iahóideá ina cheannasaí ar an arm ina áit, agus Zádóc an sagart in áit Aibíátár.

36. Chuir an rí fios ar Shimeí ansin agus ghairm chuige féin é. “Tóg teach duit féin in Iarúsailéim,” ar sé leis, “agus tar chun cónaithe ann agus ná corraigh in aon bhall as an áit sin.

37. An lá a rachaidh tú amach agus gabháil thar Ghleann Chidreon, bíodh a fhios agat go cinnte go bhfaighidh tú bás; beidh do chuid fola ar do cheann féin.”

38. “Tá go maith,” arsa Simeí leis an rí, “déanfaidh do shearbhónta mar a dúirt an rí.” Agus mhair Simeí tamall fada in Iarúsaileim.

39. Ach faoi cheann trí bliana, tharla gur theith beirt dhaorán le Simeí go hÁicís, mac Mhácá, rí Ghat. Fuair Simeí scéala: “Tá do dhaoráin i nGat.”

40. D'éirigh Simeí agus chuir an diallait ar a asal agus d'imigh go hÁicís i nGat ar lorg a dhaorán. D'imigh sé leis agus thug a dhaoráin ar ais ó Ghat.

41. Insíodh do Sholamh go ndeachaigh Simeí ó Iarúsailéim go Gat agus go raibh sé tagtha ar ais.

42. Chuir an rí fios ar Shimeí agus dúirt leis: “Nár chuir mé d'iallach ort mionn a thabhairt dar an Tiarna, agus nár thug mé rabhadh sollúnta duit á rá: ‘An lá a imeoidh tú agus a rachaidh tú in aon bhall ar bith eile, bí cinnte go bhfaighidh tú bás gan aon agó’? Agus dúirt tú liom: ‘Tá go maith. Géillim duit.’

43. Cén fáth, dá bhrí sin, nár choimeád tú mionn an Tiarna agus an t‑ordú a thug mé duit?”

44. Lean an rí air agus dúirt le Simeí: “Tá a fhios agat i do chroí cén urchóid go léir a rinne tú do m'athair Dáiví. Tabharfaidh an Tiarna d'urchóid sa mhullach ort féin.

45. Ach go raibh beannacht ar Sholamh rí, agus go raibh ríchathaoir Dháiví daingean os comhair an Tiarna go brách.”

46. Ansin thug an rí orduithe do Bhanáiá mac Iahóideá agus ghabh sé amach agus threascair sé Simeí agus fuair sé bás. Agus d'fhág sin an ríocht go daingean i lámha Sholaimh.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 2