Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 2:31-39 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

31. “Déan mar a dúirt sé,” d'fhreagair an rí, “treascair é agus déan é a adhlacadh, agus glan díomsa agus de theaghlach m'athar an chiontacht ar son na fola a dhoirt Ióáb gan chúis.

32. Fillfidh an Tiarna a bhearta fola ar mhullach a chinn féin air mar, gan fhios do m'athair Dáiví, d'ionsaigh sé agus chuir chun báis le faobhar claímh Aibnéar mac Néar, ceannasaí airm Iosrael, agus Amásá, mac Ieitir, ceannasaí airm Iúdá.

33. Go bhfille a bhfuil sa mhullach ar Ióáb agus ar a shliocht go brách, ach go raibh síocháin ón Tiarna go brách ar Dháiví, ar a shliocht, ar a ríora, agus ar a ríchathaoir.”

34. Ghabh Banáiá mac Iahóideá suas ansin, threascair Ióáb agus chuir chun báis é; adhlacadh é ina theach féin san fhásach.

35. Cheap an rí Banáiá mac Iahóideá ina cheannasaí ar an arm ina áit, agus Zádóc an sagart in áit Aibíátár.

36. Chuir an rí fios ar Shimeí ansin agus ghairm chuige féin é. “Tóg teach duit féin in Iarúsailéim,” ar sé leis, “agus tar chun cónaithe ann agus ná corraigh in aon bhall as an áit sin.

37. An lá a rachaidh tú amach agus gabháil thar Ghleann Chidreon, bíodh a fhios agat go cinnte go bhfaighidh tú bás; beidh do chuid fola ar do cheann féin.”

38. “Tá go maith,” arsa Simeí leis an rí, “déanfaidh do shearbhónta mar a dúirt an rí.” Agus mhair Simeí tamall fada in Iarúsaileim.

39. Ach faoi cheann trí bliana, tharla gur theith beirt dhaorán le Simeí go hÁicís, mac Mhácá, rí Ghat. Fuair Simeí scéala: “Tá do dhaoráin i nGat.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 2