Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 2:28-41 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

28. Nuair a fuair Ióáb an scéala - mar thug Ióáb a thacaíocht d'Adoiníá cé nár thug d'Aibseálóm - theith sé go both an Tiarna agus rug greim ar bheanna na haltóra.

29. Insíodh do Sholamh rí: “Theith Ióáb go both an Tiarna; tá sé ansiúd le taobh na haltóra.” [Ansin chuir Solamh scéala go Ióáb: “Cén fáth ar theith tú chun na haltóra?” D'fhreagair Ióáb: “Bhí eagla orm romhat.”] Ansin chuir Solamh Banáiá mac Iahóideá uaidh á rá: “Imigh agus treascair é!”

30. Chuaigh Banáiá dá bhrí sin go both an Tiarna. “Ar ordú an rí,” ar sé, “tar amach!” “Ní dhéanfaidh mé,” ar seisean, “gheobhaidh mé bás anseo.” Thug Banáiá scéala ar ais chun an rí: “A leithéid seo a dúirt Ióáb, agus sin é an freagra a thug sé orm.”

31. “Déan mar a dúirt sé,” d'fhreagair an rí, “treascair é agus déan é a adhlacadh, agus glan díomsa agus de theaghlach m'athar an chiontacht ar son na fola a dhoirt Ióáb gan chúis.

32. Fillfidh an Tiarna a bhearta fola ar mhullach a chinn féin air mar, gan fhios do m'athair Dáiví, d'ionsaigh sé agus chuir chun báis le faobhar claímh Aibnéar mac Néar, ceannasaí airm Iosrael, agus Amásá, mac Ieitir, ceannasaí airm Iúdá.

33. Go bhfille a bhfuil sa mhullach ar Ióáb agus ar a shliocht go brách, ach go raibh síocháin ón Tiarna go brách ar Dháiví, ar a shliocht, ar a ríora, agus ar a ríchathaoir.”

34. Ghabh Banáiá mac Iahóideá suas ansin, threascair Ióáb agus chuir chun báis é; adhlacadh é ina theach féin san fhásach.

35. Cheap an rí Banáiá mac Iahóideá ina cheannasaí ar an arm ina áit, agus Zádóc an sagart in áit Aibíátár.

36. Chuir an rí fios ar Shimeí ansin agus ghairm chuige féin é. “Tóg teach duit féin in Iarúsailéim,” ar sé leis, “agus tar chun cónaithe ann agus ná corraigh in aon bhall as an áit sin.

37. An lá a rachaidh tú amach agus gabháil thar Ghleann Chidreon, bíodh a fhios agat go cinnte go bhfaighidh tú bás; beidh do chuid fola ar do cheann féin.”

38. “Tá go maith,” arsa Simeí leis an rí, “déanfaidh do shearbhónta mar a dúirt an rí.” Agus mhair Simeí tamall fada in Iarúsaileim.

39. Ach faoi cheann trí bliana, tharla gur theith beirt dhaorán le Simeí go hÁicís, mac Mhácá, rí Ghat. Fuair Simeí scéala: “Tá do dhaoráin i nGat.”

40. D'éirigh Simeí agus chuir an diallait ar a asal agus d'imigh go hÁicís i nGat ar lorg a dhaorán. D'imigh sé leis agus thug a dhaoráin ar ais ó Ghat.

41. Insíodh do Sholamh go ndeachaigh Simeí ó Iarúsailéim go Gat agus go raibh sé tagtha ar ais.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 2