Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 2:22-29 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

22. D'fhreagair Solamh rí a mháthair: “Cad faoi deara duit Aibíseag ó Shiúnaem a lorg d'Adoiníá mar bhean? Tá sé chomh maith agat an ríocht a lorg dó chomh maith; mar sé mo dheartháir is sine é, agus tá Aibíátár an sagart agus Ióáb mac Zarúá ar a thaobh.”

23. Ansin mhionnaigh Solamh rí dar an Tiarna á rá: “Go ndéana Dia a leithéid siúd liom, agus a thuilleadh fós,” ar sé, “mura dtugann Adoiníá a anam in éiríc na bhfocal sin!

24. Dar an Tiarna beo, an té sin a chuir mé go daingean i ríchathaoir Dháiví m'athair, agus a thug ríshliocht [dó] mar a gheall sé, cuirfear Adoiníá chun báis inniu féin.”

25. Sheol Solamh rí Banáiá mac Iahóideá á threascairt, agus fuair sé bás.

26. Agus maidir le hAibíátár an sagart, dúirt an rí leis: “Imigh leat go hAnatót go dtí do thailte. Mar tá an bás tuillte agat, ach ní chuirfidh mé chun báis anois thú mar gur iompair tú áirc an Tiarna os comhair Dháiví m'athair agus go raibh páirt agat in anró m'athar go léir.”

27. Bhain Solamh sagartacht an Tiarna d'Aibíátár agus chomhlíon sé ar an gcuma sin briathar an Tiarna, an briathar a labhair sé in aghaidh theaghlach Éilí i Sileo.

28. Nuair a fuair Ióáb an scéala - mar thug Ióáb a thacaíocht d'Adoiníá cé nár thug d'Aibseálóm - theith sé go both an Tiarna agus rug greim ar bheanna na haltóra.

29. Insíodh do Sholamh rí: “Theith Ióáb go both an Tiarna; tá sé ansiúd le taobh na haltóra.” [Ansin chuir Solamh scéala go Ióáb: “Cén fáth ar theith tú chun na haltóra?” D'fhreagair Ióáb: “Bhí eagla orm romhat.”] Ansin chuir Solamh Banáiá mac Iahóideá uaidh á rá: “Imigh agus treascair é!”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 2