Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 2:11-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

11. Bhí daichead bliain caite aige ina rí ar Iosrael, seacht mbliana acu i Heabrón agus trí bliana tríochad i Iarúsailéim.

12. Shuigh Solamh ar ríchathaoir Dháiví, a athair, agus bunaíodh a ríocht go daingean.

13. Chuaigh Adoiníá mac Haigít go Baitseaba máthair Sholaimh [agus chrom le hómós di]. “An turas síochánta é seo agat?” a d'fhiafraigh sí. D'fhreagair sé: “Sea, turas síochánta.”

14. “Tá rud éigin le rá agam leat,” ar sé léi ansin. “Abair leat,” ar sí.

15. “Tá a fhios agat,” ar sé, “gur chóir go dtitfeadh an ríocht liomsa, agus go raibh súil ag Iosrael go léir go mbeinnse i mo rí; ach ghabh an ríocht tharam agus thit sí le mo dheartháir mar gur dó a cheap an Tiarna í.

16. Tá aon achainí amháin agam ort; ná tabhair an t‑eiteach dom.” “Abair leat,” ar sise leis.

17. Lean sé air: “Iarr ar Sholamh rí, le do thoil, Aibíseag ó Shiúnaem a thabhairt dom mar bhean.”

18. “Ceart go leor,” arsa Baitseaba, “labhróidh mé leis an rí ar do shon.”

19. Chuaigh Baitseaba go Solamh rí le labhairt leis ar son Adoiníá. D'éirigh an rí roimpi ag teacht di agus chrom in ómós di; shuigh sé ansin ina ríchathaoir agus tugadh cathaoir isteach do mháthair an rí, agus shuigh sí ar a dheis.

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 2