Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 2:1-9 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

1. Nuair a bhí Dáiví ag saothrú an bháis leag sé an cúram seo ar a mhac Solamh:

2. “Táim ag dul ar shlí na fírinne. Bíodh misneach agat agus iompair thú féin go fearúil.

3. Cuir orduithe an Tiarna do Dhia i gcrích, lean a shlite agus comhlíon a dhlíthe, a aitheanta, a nósanna, a reachtanna faoi mar atá scríofa i ndlí Mhaois. Ar an dóigh sin beidh an rath ar gach rud a dhéanfaidh tú agus a ghlacfaidh tú ar láimh,

4. agus cuirfidh an Tiarna i gcrích an gealltanas a thug sé dom á rá: ‘Má bhíonn do chlann mhac aireach faoina n‑iompar agus leanúint go dílis dom le lán a gcroí agus a n‑anama ní bheidh tú go brách gan fear i gcoróin ar Iosrael.’

5. “Rud eile dhe, tá a fhios agat cad a rinne Ióáb mac Zarúá liom, agus cad a rinne sé le beirt cheannaire arm Iosrael, Aibnéar mac Néar agus Amásá mac Ieitir; conas mar a dhúnmharaigh sé iad; conas mar a rinne sé díoltas le linn síochána ar son fola a doirteadh le linn cogaidh; conas mar a smear sé crios mo choime agus cuaráin mo chos le fuil neamhchiontach.

6. Bíodh sé de chiall agat gan ligean dá cheann liath dul síos go Seol faoi shíocháin.

7. Ach maidir le clann mhac Bhairzilí ó Ghileád, bí lách leo faoi mar a bhíodarsan lách liomsa nuair a bhí mé ag teitheadh ó do dheartháir Aibseálóm, agus lig dóibh suí chun boird le do chuideachta.

8. Tá Simeí mac Ghéará, an Biniáimineach ó Bhachúraím, i do theannta chomh maith. Chuir seisean mallacht mhillteach orm an lá a chuir mé chun bealaigh go Machanáím; ach tháinig sé anuas faoi mo dhéin ag an Iordáin agus mhionnaigh mé dó dar an Tiarna á rá: ‘Ní imreoidh mé an claíomh go marfach ort.’

9. Ach ná scaoilse leis gan phionós; mar is duine ciallmhar thusa agus beidh a fhios agat conas plé leis agus a cheann liath a chur síos go Seol faoi dhoirteadh fola.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 2