Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 18:7-19 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

7. Ar an tslí d'Obaidiá, b'sheo chuige ina choinne Éilias: d'aithin sé é agus chrom chun talún agus dúirt: “Nach tú, a thiarna, Éilias?”

8. “Is mé sin,” a d'fhreagair sé, “agus imigh leat agus abair le do mháistir: ‘Tá Éilias anseo, féach!’ ”

9. Ach dúirt Obaidiá: “Cén peaca a rinne mé a rá is go gcuirfeá do shearbhónta i láimh Acháb le go marófaí mé?

10. Dar an Tiarna do Dhia beo, níl aon chine ná ríocht nár chuir mo thiarna tóir ort ann; agus nuair a deiridís: ‘Níl sé anseo,’ chuireadh sé an ríocht nó an náisiún faoi mhionn nach raibh tú faighte acu.

11. Agus anois deir tú liom: ‘Imigh leat agus abair le do mháistir: Tá Éilias anseo!’

12. A luaithe a imeoidh mise uait, fuadóidh spiorad an Tiarna thú go ball éigin nach eol domsa. Tiocfaidh mise agus déarfaidh mé é le hAcháb agus nuair nach bhféadfaidh sé thú a fháil, cuirfidh sé chun báis mé cé gur thug mise, do shearbhónta, urraim don Tiarna riamh óna óige.

13. Nár insíodh do mo thiarna céard a rinne mé nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, conas mar a chuir mé céad duine d'fháithe an Tiarna i bhfolach, leathchéad díobh sa turas, agus a bheathaigh mé iad le harán agus le huisce.

14. Agus anois deir tú liom: ‘Imigh leat agus abair le do mháistir: Tá Éilias anseo!’ Maróidh sé mé!”

15. D'fhreagair Éilias: “Dar Tiarna beo na Slua, dá ndéanaim seirbhís, seasóidh mé ina fhianaise inniu.”

16. D'imigh Obaidiá ar lorg Acháb agus thug sé an scéala dó, agus d'imigh Acháb ansin in airicis Éilias.

17. Nuair a chonaic Acháb Éilias, dúirt sé leis: “Ansin duit, a sciúirse Iosrael!”

18. “Ní mise sciúirse Iosrael, ní mise sin, ach thusa agus teaghlach d'athar, mar thréig sibh (aitheanta) an Tiarna agus lean sibh na Bálaím.

19. Cuir fios ar Iosrael go léir anois más ea agus cruinnigh i mo thimpeall ar Shliabh Chairmeil iad, agus na ceithre chéad go leith fáidh de chuid Bhál chomh maith (agus na ceithre chéad fáidh do chuid Aiséará) a shuíonn chun boird le Ízeibil.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 18