Sean-Tiomna

Tiomna Nua

1 Ríthe 18:4-15 An Bíobla Naofa 1981 (ABN)

4. Nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, rug Obaidiá céad fáidh leis agus chuir i bhfolach iad, leathchéad díobh sa turas, agus bheathaigh sé iad le harán agus le huisce.

5. Dúirt Acháb le hObaidiá: “Téanam, ní foláir dúinn an tír a chuardach idir thoibreacha agus ghleannta, le súil go bhfaighimis féar a choimeádfadh ár gcapaill agus ar miúileanna beo, agus nach gcaithfimis cuid dár stoc a mharú.”

6. Roinneadar an tír eatarthu don chuardach; d'imigh Acháb bóthar amháin leis féin, agus d'imigh Obaidiá bóthar eile leis féin.

7. Ar an tslí d'Obaidiá, b'sheo chuige ina choinne Éilias: d'aithin sé é agus chrom chun talún agus dúirt: “Nach tú, a thiarna, Éilias?”

8. “Is mé sin,” a d'fhreagair sé, “agus imigh leat agus abair le do mháistir: ‘Tá Éilias anseo, féach!’ ”

9. Ach dúirt Obaidiá: “Cén peaca a rinne mé a rá is go gcuirfeá do shearbhónta i láimh Acháb le go marófaí mé?

10. Dar an Tiarna do Dhia beo, níl aon chine ná ríocht nár chuir mo thiarna tóir ort ann; agus nuair a deiridís: ‘Níl sé anseo,’ chuireadh sé an ríocht nó an náisiún faoi mhionn nach raibh tú faighte acu.

11. Agus anois deir tú liom: ‘Imigh leat agus abair le do mháistir: Tá Éilias anseo!’

12. A luaithe a imeoidh mise uait, fuadóidh spiorad an Tiarna thú go ball éigin nach eol domsa. Tiocfaidh mise agus déarfaidh mé é le hAcháb agus nuair nach bhféadfaidh sé thú a fháil, cuirfidh sé chun báis mé cé gur thug mise, do shearbhónta, urraim don Tiarna riamh óna óige.

13. Nár insíodh do mo thiarna céard a rinne mé nuair a bhí Ízeibil ag bású fáithe an Tiarna, conas mar a chuir mé céad duine d'fháithe an Tiarna i bhfolach, leathchéad díobh sa turas, agus a bheathaigh mé iad le harán agus le huisce.

14. Agus anois deir tú liom: ‘Imigh leat agus abair le do mháistir: Tá Éilias anseo!’ Maróidh sé mé!”

15. D'fhreagair Éilias: “Dar Tiarna beo na Slua, dá ndéanaim seirbhís, seasóidh mé ina fhianaise inniu.”

Léigh chaibidil críochnaithe 1 Ríthe 18