9. “Éirigh agus imigh leat go Zárafat, cathair Shíodónach, agus fan ansin. Thug mé ordú, féach, do bhaintreach ansiúd thú a chothú.”
10. D'éirigh sé agus d'imigh mar sin go Zárafat. Nuair a bhain sé geata na cathrach amach, bhí baintreach ann ag cruinniú brosna. Chuir sé forrán uirthi agus dúirt: “Tabhair chugam le do thoil braoinín uisce i soitheach, ionas go mbeadh deoch uisce agam.”
11. Bhí sí ar tí imeacht faoina choinne nuair a ghlaoigh sé uirthi: “Ar mhiste leat,” ar sé, “blúire aráin a thabhairt chugam i do láimh.”
12. “Dar an Tiarna do Dhia beo,” a d'fhreagair sí, “níl builín aráin ar bith agam, níl ach glac mine i bpróca agus braoinín ola i gcrúiscín. Tá mé ag cruinniú cipín nó dhó anois roimh dhul isteach chun an méid sin a ullmhú dom féin agus do mo mhac le hithe, agus ansin gheobhaimid bás.”
13. Ach dúirt Éilias léi: “Ná bíodh eagla ort, imigh agus déan mar a dúirt tú, ach déan toirtín beag domsa as i dtús ama, agus tabhair chugam é, agus ina dhiaidh sin déan tuilleadh duit féin agus do do mhac.
14. Óir is mar seo a labhraíonn an Tiarna, Dia Iosrael:‘Ní bheidh an próca mine ídithe,ní bheidh an crúiscín ola folamh,nó go dtiocfaidh an lá a chuirfidh an Tiarnafearthainn ar aghaidh na talún.’ ”
15. D'imigh sí agus rinne mar a dúirt Éilias léi agus d'ith siad an bia, ise, eisean agus [a mac] ar feadh a lán laethanta.
16. Ní raibh an próca mine ídithe na an crúiscín ola folamh, díreach mar a dúirt an Tiarna roimh re trí bhéal Éilias.
17. Tamall ina dhiaidh sin bhuail taom tinnis mac na mná, bean an tí; bhí sé chomh breoite sin nár fhan an dé ann.
18. Dúirt an bhean le hÉilias: “Cad é atá agat i m'éadan, a ghiolla Dé? An le mo pheacaí a chur ina luí orm agus le mo mhac a chur á mharú a tháinig tú anseo?”
19. “Tabhair dom do mhac,” ar seisean. Thóg sé as a baclainn é, d'iompair chun an tseomra uachtaraigh é, an áit a raibh cónaí air féin, agus d'fhág sé ina luí ar a leaba féin é.
20. Ghlaoigh sé go hard ar an Tiarna: “A Thiarna, a Dhia liom, an é is toil leat buaireamh a chur ar an mbaintreach atá ag tabhairt aire dom trí bhás a mic?”
21. Shín sé é féin ar an leanbh trí huaire agus é ag glaoch go hard ar an Tiarna: “A Thiarna, a Dhia liom, impím ort go dtaga an t‑anam isteach sa leanbh seo arís.”